5,000 ainm curtha le hachainí ar son na Coirnise

Fuair Comhairle Chorn na Breataine litir ó Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite inar cuireadh in iúl go gcuirfí deireadh leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do chur chun cinn na Coirnise “láithreach bonn”

Cornwall

Tá os cionn 5,000 ainm curtha le hachainí ar líne ina n-éilítear ar Rialtas na Breataine cinneadh a rinneadh an mhí seo caite, go gcuirfí deireadh “láithreach bonn” leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do chur chun cinn na Coirnise, a chur ar ceal.

Bhítí ag tabhairt suas le £150,000 sa bhliain do Chomhairle an Choirn ó aithníodh an Choirnis, teanga Cheilteach a labhraítí i gCorn na Breataine, mar mhionteanga oifigiúil sa bhliain 2002.

Fuair an Chomhairle litir ó Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite inar cuireadh in iúl go gcuirfí deireadh leis an maoiniú sin “láithreach bonn” agus go bhféadfadh an Chomhairle an maoiniú a chuirtear ar fáil a chaitheamh mar is mian leis an bpobal.

“This Government is committed to Cornwall as shown by our historic devolution deal – the first county deal in the country. On top of this, Cornwall will have a core spending power of £1.7 billion over the next four years. It is for local councils to decide what their priorities are and  to fund the services local people want to see,” a dúirt urlabhraí ón Roinn Pobal agus Rialtas Áitiúil.

Ní mó ná sásta a bhí baill den Chomhairle féin le cinneadh Rialtas Westminster. Dúirt Julian German, an comhalta comhairle a bhfuil cúram an gheilleagair agus an chultúir air, nach dtagann cinneadh an Rialtais le “comhaontuithe idirnáisiúnta” a shínigh siad agus nach bhfuil “ciall ar bith” leis an gcinneadh.

“The Cornish language is a great source of pride for Cornwall and is part of what makes Cornwall and the Cornish unique. Over the last five years use of the language has increased and this is reflected in street names, signage and on mainstream and social media. Just as importantly, it supports our local and visitor economy as the increase in the use of the language in marketing and tourism has proved,” a dúirt German.

Ba é an Dochtúir Jon Mills, léachtóir leis an teangeolaíocht fheidhmeach in Ollscoil Kent, a thosaigh an t-achainí ar líne ar shuíomh oifigiúil achainíocha Rialtas agus Pharlaimint na Ríochta Aontaithe.

Sa chás go gcuirfear 10,000 ainm nó níos mó leis an achainí beidh ar an Rialtas freagra oifigiúil a thabhairt air. Sa chás go gcuirfear 100,000 ainm leis, pléifear an cheist i Westminster. Ní féidir ach le saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe nó daoine atá ina gcónaí ansin a n-ainm a chur leis.

Fág freagra ar '5,000 ainm curtha le hachainí ar son na Coirnise'