150 post nua fógartha don Spidéal i nGaeltacht Chonamara

As seo go ceann trí bliana cruthóidh Aran Biomedical, a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, 150 post nua ar an Spidéal i gConamara.

150 post nua fógartha don Spidéal i nGaeltacht Chonamara

Tá 150 post nua fógartha do Ghaeltacht Chonamara ag Aran Biomedical a dhéanann bithábhair d’earnáil na bhfeistí leighis.

Déanann Aran Biomedical, a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, feistí leighis a théann isteach sa gcolainn. As seo go ceann trí bliana a churthófar an 150 post nua ar an Spidéal i gConamara.

Tá sé i gceist ag an gcomhlacht go mbeidh a thrí oiread ábhar á dhéanamh ar an Spidéal acu faoi lár 2025.

Tá Aran Biomedical lonnaithe ar an Spidéal ó 2008. Tá 120 duine fostaithe ann faoi láthair.

Chuir Aire na Gaeltachta Catherine Martin fáilte roimh an bhfógra faoin 150 post.

Dúirt sí go léiríonn “nuálaíocht agus rath Aran Biomedical agus Údáras na Gaeltacht céard is féidir a bhaint amach”.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, gur “fógra suntasach” a bhí ann.

“Tá an Ghaeltacht anois ina baile ag líon mór comhlachtaí feistí leighis agus tá súil agam go ndéanfar aithris ar fhás agus ar dheiseanna breise fostaíochta Aran Biomedical amach anseo,” arsa Jack Chambers.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Aran Biomedical Peter Mulrooney go raibh “áthas agus mórtas” ar an gcomhlacht a fhógairt go mbeidh “áis den chineál is nua-aimseartha” á thógáil sa Spidéal agus ghabh sé buíochas le hÚdarás na Gaeltachta.

Rinne Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, comhghairdeachas le Aran Biomedical agus a fhoireann.

“Is údar misnigh dúinn uilig go bhfuil Aran Biomedical ag dul ó neart go neart agus is vóta muiníne i muintir Chonamara agus sa cheantar mórthimpeall an méadú foirne atá beartaithe ag an chomhlacht seo a bhfuil a chuid táirgíochta bunaithe ar an nuálaíocht agus an chruthaitheacht,” arsa Anna Ní Ghallachair.

Dúírt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta léirigh an scéal “gur féidir le Gaeltachtaí na hÉireann a bheith ina mbunáit iontach do chuile chineál gnó”.

Fág freagra ar '150 post nua fógartha don Spidéal i nGaeltacht Chonamara'

  • Ó C

    Agus tá muid á chreistiúint seo an bhfuil?