50 cás nua ar fad den choróinvíreas i 13 contae

Deir an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach go rabhthas ag tabhairt aird ar leith ar an scéala go bhfuil an Covid-19 á scaipeadh i go leor contaetha éagsúla le roinnt laethanta anuas

50 cás nua ar fad den choróinvíreas i 13 contae

50 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Don séú lá as a chéile ní raibh aon bhás de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis thuaidh ná theas.

Deich gcás nua den ghalar a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. Tá os cionn 6,000 cás den ghalar deimhnithe ó thuaidh go nuige seo.

Bhain cúig cinn den 50 cás nua le Dún na Gall.

Bhain 11 de na cásanna nua le Loch Garman, bhain deich gcinn acu le Cill Dara. agus bhain sé cinn le Baile Átha Cliath. Bhain an 18 eile le naoi gcontae éagsúla – Corcaigh, an Mhí, Ceatharlach, Luimneach, Uíbh Fháilí, Sligeach, Tiobraid Árann, Cill Mhantáin agus contae Lú.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach go rabhthas ag tabhairt aird ar leith ar an scéala go bhfuil an Covid-19 á scaipeadh i go leor contaetha éagsúla le roinnt laethanta anuas.

Deimhníodh gur bhain 42 den 50 cás le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu.

Deimhníodh gur bhain ceithre cinn de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 81% de na daoine a bhí i gceist faoi bhun 45 bliain d’aois.

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

32,249 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,253 cás ó dheas agus 6,006 cás ó thuaidh.

Dúirt an Dr Ronan Glynn  gur thuig sé gur chuir cinneadh an lae inné gan dul ar aghaidh go dtí Céim 4 “díomá” ar go leor daoine ach gurb é “an chéad chúram atá ar NPHET scaipeadh an víris seo sa bpobal a chosc” agus “an dul chun cinn” a rinneamar go dtí seo “a chosaint”.

An Dr Ronan Glynn. Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

“Víreas fíorthógálach is ea an Covid-19 agus tá borradh mór faoin scaipeadh atá ag tarlú i gcontaetha éagsúla le laethanta beaga anuas. Tá súil an-ghéar á coinneáil againn ar an scaipeadh sin.

“Sna seachtainí seo romhainn, an cúram is mó a bheidh orainn leanúint lenár n-iarrachtaí ar fad le scaipeadh an víris seo a cheansú ionas go mbeidh na scoileanna in ann oscailt arís, go mbeidh seirbhísí leighis ar fáil arís agus go mbeidh na hionaid altranais slán sábháilte,” arsa an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn.

Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil.

15 othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá cúigear acusan sna haonaid dianchúraim.

Seisear othar a bhí sna hospidéil seachtain ó shin agus bhí ceathrar acusan in ICU.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil an chomhairle ba chúis le Céim 4 den phlean díchuibhrithe a bheith curtha siar curtha ar fáil ag an Rialtas.

Sa litir a sheol an Príomhoifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, chuig an Aire Sláinte Stephen Donnelly, dúirt an Dr Glynn go raibh “údair mhóra imní” ag an bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) agus gur ag dul i méid a bhí an imní a bhí orthu.

Bhí imní go háirithe ar NPHET mar gheall ar an ardú ar líon na gcásanna nua atá á dtuairisciú gach lá.

Dúradh go raibh imní chomh maith ar NPHET faoin ardú “suntasach” ar líon na ráigeanna den ghalar in áiteanna oibre le tamall, go háirithe i dtionscal na próiseála bia agus in earnáil na tógála.

Údar imní eile ab ea líon na gcásanna i measc daoine idir 24-35 bliain d’aois agus bhíothas buartha chomh maith faoin ardú ar líon na gcásanna le breis is seachtain anuas i gcontaetha eile seachas Baile Átha Cliath.

Dúradh sa litir go raibh baint ag 12 cás leis an earnáil aíochta.

Údar imní eile líon na gcásanna in ionaid soláthar díreach. 21 ráig a bhí sna hionaid sin agus níl cúig cinn acu faoi smacht fós. Bhí baint ag 235 cás ar fad le hionad soláthar poiblí agus thángthas ar 47 cás nua agus ceithre ráig nua sna hionaid sin le seachtain anuas.

Thángthas ar 21 cás nua agus dhá ráig nua i measc phobal an lucht siúil.

10 ráig agus 89 cás san iomlán a thángthas orthu i measc phobal an lucht siúil. Ceithre ráig agus 94 cás a bhain le monarchana próiseála feola agus tástáil fós ar bun i dtaobh na ráigeanna sin.

8% de na cásanna nua le coicís anuas a bhain leis an taisteal thar lear. Dúirt NPHET gurb í an rogha a bheadh acu féin ná go dtabharfaí coraintín éigeantach isteach do dhaoine a thagann chuig Éirinn. Mura bhféadfaí sin a dhéanamh, ba chóir, a dúirt siad, cosc a chur ar thaisteal neamhriachtanach go dtí tíortha atá buailte go dona ag an bpaindéim.

Moladh chomh maith sa chomhairle a cuireadh ar an Rialtas go ndéanfaí iarracht níos mó dul i bhfeidhm ar dhaoine faoi bhun 45.

Tá lorg na paindéime chomh maith ar an easnamh sa gcaiteachas poiblí. Easnamh €7.4 billiún a bhí ann mí Iúil agus is mór idir sin agus an barrachas €896milliún a bhí mí Iúil na bliana seo caite.

An  caiteachas breise a b’éigean a dhéanamh le déileáil le Covid-19 is mó ba chúis leis an laghdú €8.3 billiún.

In Albain inniu cuireadh srianta dochta dianghlasála i bhfeidhm arís in Obar Dheathain mar gheall ar an ardú ar líon na gcásanna sa chathair sin.  54 cás a deimhníodh le cúpla lá anuas sa chathair agus baint acu le ráig.

Tá bialanna agus tithe tábhairne dúnta sa chathair ón 5pm inniu agus níl cead ag daoine imeacht níos faide ná ocht gciliméadar ó bhaile.

Fág freagra ar '50 cás nua ar fad den choróinvíreas i 13 contae'