50 bliain ó thús na dTrioblóidí, ní mór a bheith airdeallach faoin bhfuath nach bhfuil á cheansú

Is mór idir na huafáis le linn na dTrioblóidí agus scliúchas ar an tsráid anois is arís sa lá atá inniu ann, ach ní hamhlaidh an scéal leis an bhfuath agus an bhinb

50 bliain ó thús na dTrioblóidí, ní mór a bheith airdeallach faoin bhfuath nach bhfuil á cheansú

Níor cheart scéal chailleach an uafáis a dhéanamh den trioblóid i nDoire agus i mBéal Feirste le gairid ach rabhadh is ea é atá ábhartha tráth a bhfuil cuimhneacháin ar siúl ar eachtraí ag tús na dTrioblóidí. Nuair atáthar ag breathnú siar ar na huafáis a réab an tsochaí as a chéile agus ag déanamh anailíse ar an tréimhse sin tá ceacht amháin gur léir don dall é.

Caithfear gach dícheall a dhéanamh chun a chinntiú nach bhfaighidh an foréigean greim orainn arís.

Chuige sin tá gá le ceannaireacht chróga, go háirithe ceannairí a thabharfaidh dúshlán an mhí-iompair i measc a lucht leanúna féin. Tá gá freisin le polaitíocht fheidhmiúil a thugann seirbhís fhóintiúil don bpobal go léir. Cá bhfuil siad?

Leathchéad bliain agus an t-am seo chuir cath Thaobh an Bhogaigh i nDoire, loscadh Shráid Bombay i mBéal Feirste, teacht Arm na Breataine chun na sráideanna agus maruithe scanrúla tús leis an gcoimhlint a shíl sinn a bheith thart le breis is scór bliain.

Is mór idir na himeachtaí sin i 1969 agus na mionchíréibeacha i nDoire agus i mBéal Feirste. Is mór idir iad agus banna ceoil dílseach amháin ag dul go Doire chun daoine a ghriogadh d’aon ghnó le suaitheantais na bParatrúpaí nó na tinte cnámh samhnasacha seicteacha in Iúr Chinn Trá agus ar an Tulach Ealaidh ar imeall thoir Dhoire. Is mór idir na huafáis le linn na dTrioblóidí agus scliúchas ar an tsráid anois is arís sa lá atá inniu ann ach ní hamhlaidh an scéal leis an bhfuath agus an bhinb nach bhfuil á gceansú.

Mheabhraigh seanfhondúir don cholún seo le déanaí gur cáineadh an seicteachas agus an foréigean go seasta sna blianta ó 1969 ar aghaidh agus go ndearna ceannairí a ndícheall chun a áiteamh ar dhaoine droim láimhe a thabhairt don bhfuath. Ní mór a rá gur annamh a cháin Sinn Féin foréigean an IRA – go dtí gur cuireadh tús le próiseas na síochána. Ach ó cuireadh ceann leis an ngné pholaitiúil den phróiseas sin tá gealltanais dhílseachta do mhodhanna síochánta tugtha ag na páirtithe ar fad.

Sa chomhthéacs sin is údar díomá é iompar an DUP i dtaca leis an gcaoi a láimhseáil an PSNI an banna ceoil a chaith suaitheantas na bParatrúpaí i nDoire chun a dtacaíocht a léiriú don saighdiúir F atá cúisithe i ndúnmharuithe Domhnach na Fola. Mhaígh an DUP go raibh an PSNI claonta in aghaidh an bhanna agus dá bhrí sin go raibh siad claonta in aghaidh aontachtóirí. Níl ciall ná réasún leis mar ghearán ach tá sé contúirteach mar go ngéaraíonn sé ar an ngangaid a bhí i bhfad rófhollasach an samhradh seo.

Seans gur ag iarraidh meon an léigir a chothú i measc a lucht leanúna roimh an olltoghchán atá á thuar atá siad; an cárta oráisteach á imirt acu ar fhaitíos go mbainfeadh na vótóirí díoltas amach as a seasamh i bhfabhar an Bhreatimeachta. Is bocht an mianach ceannaireachta é sa phríomhpháirtí aontachtach.

Baineann a gcéile comhraic, an príomhpháirtí náisiúnach, Sinn Féin leas as cuid de na cleasanna céanna. Le bheith cothrom labhair siad amach in aghaidh lucht na gcíréibeacha san Lóiste Nua i nDoire agus an dream a thóg an tine chnámh ghránna san Iúr. Cothaíonn siad míshuaimhneas go seasta áfach nuair a mholann siad go hard na spéire a ‘laochra agus mairtírigh’ féin san IRA Sealadach.

Ó tharla nach raibh an bua ag ceachtar taobh sna Trioblóidí – an IRA ná an Bhreatain – níl leagan comónta den stair ann agus is údar cointinne é gach ráiteas ar an dá thaobh. Cheal gnímh chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí tá an domlas á chothú i gcónaí.

Tá nimh sa phota de bharr an Bhreatimeachta agus neamhshuim na dTóraithe san tionchar a bheidh aige ar Thuaisceart Éireann. Tá an phairilis in Stormont ag cothú míshuaimhnis freisin agus rabharta ceisteanna agus cúiseanna imní ag daoine faoi chúrsaí sláinte, oideachais agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tá líon na ndaoine atá i muinín bancanna bia ag méadú mar atá líon na ndaoine gan dídean.

Bhí súil le díbhinn na síochána do dhaoine sna geiteonna; ní bhfuaireadar í agus ar an dá thaobh anois tá dreamanna mioscaiseacha ag iarradh daoine óga gan deiseanna a ghríosú chun oilc. Bhí fís ag lucht déanta an mhargaidh Aoine an Chéasta 1998 go gcothófaí athmhuintearas, go mbeadh rialtas bunaithe ar chomhoibriú ann agus go dtabharfaí na grúpaí ar an imeall isteach sa pholaitíocht láir.

A mhalairt a tharla. Is contúirteach an meascán é. Tráth a bhfuil anailís á déanamh ar 50 bliain ní mór a bheith airdeallach.

Fág freagra ar '50 bliain ó thús na dTrioblóidí, ní mór a bheith airdeallach faoin bhfuath nach bhfuil á cheansú'