1) Múnla nua don Drámaíocht: Bhí cad é bús níos luaithe i mbliana nuair a fógraíodh an scéim ‘Cine4’; comhghuaillíocht idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Beifear ag súil le cnuasach cuidsúlach as sin agus beidh cuid acu le feiscint sna pictiúrlanna. Idir an dá linn, beidh an tsraith trí eagán Grace Harte chugainn i lár na míosa. Tháinig seo ó pheann Antoine Uí Fhlatharta agus tá an chuma air seo gur scéinséir dorcha a bheidh ann. Dara Devaney, Kate Nic Chonaonaigh agus Bríd Ní Neachtain sa chliar. Ansin tá Aithrí, scannán nua ó Tom Collins a dhíreoidh ar eachtraí a bhaineann le sagart timpeall ar 1916 agus arís 50 bliain ina dhiaidh sin. Ina dteannta siúd beidh leagan beochana do An Béal Bocht. Tom Collins atá ar an stiúir arís don cheann seo le Seán Mistéal, Donncha Crowley, Tommy Tiernan agus Bob Quinn i mbun an ghuthaithe. An cheist atá anois ann ná an iad scannáin Cine 4 agus Ros na Rún amháin a bheidh againn feasta mar lón drámaíochta ó TG4 agus sinn i lár ré órga na drámaíochta teilifíse i gcónaí?
2) Cláracha Faisnéise i lár an aonaigh arís: Bhuel níor fhágadar an t-aonach riamh agus tá raidhse cláracha faisnéise ar na bioráin arís. Taibhsíodh dom le tamall go b’fhéidir go raibh na múnlaí agus téamaí sleamhnaithe chun seanchaiteachta agus leadráin ábhairín. Tá cúpla ceann chugainn a chuirfidh borradh faoin seánra. Is cinnte go mbeidh cad é bús faoi Murdair Mhám Trasna; saothar a dhéanfaidh an drámaíocht a chniotáil leis an bhfaisnéis. Tá an saothar bunaithe ar leabhar Sheáin Uí Chuirreáin, Colm Bairéad atá ar an stiúir agus Ciarán Ó Cofaigh an léiritheoir. ’Sé an cur chuige céanna a bheidh á úsáid le Rocky Ros Muc; fadscannán faisnéise atá bunaithe ar scéal an dornálaí Seán Ó Mainnín faoi mar atá sé ríofa i leabhar Rónáin Mhic an Iomaire. Ina dteannta siúd beidh saothar faoi shaol agus oidhreachta an fhonnadóra Joe Éinniú. Arís agus socruithe nua fós á ndéanamh faoi sholáthar na hearnála neamhspleáiche don stáisiún faoin múnla nua a fógraíodh i mbliana, ní foláir an cheist a chur conas a líonfar na bearnaí sa sceideal?
3) Nuacht agus cúrsaí reatha in áit na leathphingine:
Níl aon trácht ar an gclár nua cúrsaí reatha a bhfuiltear ag píopaireacht faoi le tamall. Beidh siad siúd ar áin leo cúrsaí reatha i dtaobh leis an nuacht amháin don chuid is mó go dtí tús na bliana seo chugainn. Mar aguisín, nach mór, luaitear go mbeidh ceithre eagrán de chlár chúrsaí reatha idir seo agus an Nollaig. Cén chuma a bheidh air seo? Cad a bheidh chugainn tar éis na Nollag? Cad a tharlóidh má thiteann an t-aer agus an talamh ar chéile idir an dá linn. Ní fios.
4) ’Siad an spórt agus an ceol na bunchlocha i gcónaí: Iarchraoladh ar chluiche ceannais na hÉireann, Féile Rásaíochta Lios Tuathail, Guinness Pro14, Peil na mBan agus cluichí CLG na gclubanna. Tá an spórt mar mháithreacha leis an sceideal i gcónaí. É sin ar fad agus sraitheanna faisnéise cosúil le Laochra Gael agus Níos Mó Ná Cluiche. Bím ag cuimhneamh uaireanta faoi cén sórt lucht féachana a bheadh ag leithéidí Rás Aigéan Volvo agus conas mar a luíonn sé le barrshamhail an ‘Súil Eile’.
5) An ‘Croíphobal’ agus an Ghaeilge: Bhí cad é fothragadh ann anuraidh nuair a cuireadh deireadh le Seó Spóirt. Ag an am céanna seoladh Comhrá, Béaloideas Beo, Logainm agus Róisín amach an doras iata. Den chuid is mó is cláracha iad siúd a bhí dírithe ar an gcroíphobal. Ar an gcéad luí súl ní fheictear dom go bhfuil aon ionadaí tagtha ar pháirc na himeartha agus shílfeá nach bhfuil mórán saothar atá dírithe ar an gcroíphobal amháin seachas an Nuacht, craoltaí an Oireachtais agus cláracha faisnéise fánacha cosúil le Anseo I Lár an Ghleanna (clár a thabharfaidh éachtaint thar thréimhse bliana ar na dúshláin atá roimh an bpobal i Loch Con Aortha). Is féidir do léine a chur air go mbeidh an dátheangachas go mór i réim i gcuid mhaith de na cláracha faisnéise; agus cuid de na saothair drámaíochta fiú. Go deimhin tá an Béarla, nó dul an Bhéarla, ar chuid mhaith de na teidil.
Feardorcha
An-díomách go deo.