5 mhórimeacht Sheachtain na Gaeilge 2015

Le breis agus 300 imeacht cláraithe cheana féin, agus clár na féile faoi lán seoil, caitheann Tuairisc.ie súil chun tosaigh ar chúig cinn de na himeachtaí agus ócáidí is fearr atá ag titim amach timpeall na tíre le linn Sheachain na Gaeilge 2015

1: Slabhra Láimhe, Dé hAoine 6 Márta, 12in, Timpeall na Tíre

Slabhra láimhe

Dúshlán atá ar cheann de phríomhimeachtaí na féile, a chuirfidh daoine óga ag canadh ‘Is leatsa í’, amhrán le ‘Seo Linn’ agus iad ag seasamh lámh ar lámh le chéile. Tiocfaidh scoileanna agus grúpa óige amach faoin spéir meán lae Dé hAoine, agus ‘Slabhra Láimhe’a chruthú acu, a mbeidh rannpháirtithe ag canadh an amhráin chéanna ag an am céanna. Tá lucht eagraithe SnaG ag súil go ndéanfar taifead ar na hiarrachtaí seo ionas gur féidir leo físeán ceoil a chur le chéile agus é a roinnt ar líne. Beidh duaiseanna ag dul do na clibeanna is fearr! Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh SnaG: https://snag.ie/imeachtai-2/morimeacht/

Gaelgáirí

2. Gaelgáirí sa Ghaillimh, Dé Sathairn 7 Márta, 8.30in, Róisín Dubh, Sráid Dhoiminic, Gaillimh. A bhuíochas le Seachtain na Gaeilge, beidh GaelGÁIRÍ, an t-aon chlub grinn Gaeilge sa tír ag tabhairt aghaidh ar an iarthar don chéad uair. Is iad Kevin McAleer agus Michael Mee réaltaí na hoíche ar ardán an Róisín Dubh. Beidh seit le Martin Angolo, Aideen McQueen agus Eoin P. Ó Murchú ar mhinic dóibh ar ardán Gaelgáirí chomh maith le cuairteoirí amhail Pádraig Breathnach (TG4). Ceannaígí bhur dticéid ar www.roisindubh.net sula n-imíonn siad!

RITH Inis Meáin

3. Inis “Iron” Meáin, Satharn 15ú Márta, 1in, ag toiseach ag Halla Naomh Eoin, Inis Meáin, Gaillimh. Rás 5Km/10Km ar Inis Meáin ar son mheánscoil an oileáin, Coláiste Naomh Eoin. Deis atá san ócáid spraíúil fhuinniúil seo, airgead a thiomsú a rachaidh chun tairbhe ar fhorbairtí leanúnacha phobal an oileáin seo. Tá Inis ‘Iron’ Meáin á reáchtáil ar feadh naoi mbliana anois, agus tarraingt mhór air i measc lúthchleasaithe idir óg agus aosta. Ní mór clárú don rás roimh an 13 Márta. Tuilleadh eolais faoin rás ar fáil anseo.

_'AnTriail'_=C2=A9An_Gu=CC=81m

4Ócáid Chomórtha Mhairéad Ní Ghráda, Dé Céadaoin 11 Márta, 1.00– 4.00in, Project Arts Centre, Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath. Déanfaidh Institiúid Téatar na hÉireann ceiliúradh ar an lorg a d’fhág údar ‘An Triail’, Mairéad Ní Ghráda, ar shaol na hamharclannaíochta. Tá an ócáid seo á reáchtáil mar chuid de chomóradh caoga bliain ón chéad uair a raibh an dráma a thaispeáint ar stáitse. Imeacht dátheangach atá ann. Saorchead isteach. https://www.irishtheatreinstitute.com/

Saol Faoi Shráid

5. Saol Faoi Shráid, a léiriú ag Fíbín timpeall na tíre. Beidh fuirseoirí Fíbín ag dul ar chamchuairt na tíre lena seó puipéad nua bunaithe ar an sraith teilifíse ‘Saol Faoi Shráid’, clár de chuid ‘Cúla 4 na n-Óg’, ar TG4. Tá Ríbín agus Glibín ag dul sa tóir ar thaisce! Nuair a thiteann mapa ón domhan thuas isteach ina saol, téann na cairde ar thuras mór. Castar rudaí iontacha – agus scanrúil uaireanta – orthu ach bí cinnte go mbíonn spraoi acu i gcónaí! Tá an dráma dírithe ar pháistí 4-8 mbliana d’aois. Costas na dticéad: €8/ €7 – má chuirtear in áirithe roimh an 7 Márta iad) Saorchead do mhúinteoirí. Tuilleadh eolais: https://fibin.com/plays/whats-on/saol-faoi-shraid-2/?lang=en

Is féidir teacht ar an liosta iomlán d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge anseo. 

Fág freagra ar '5 mhórimeacht Sheachtain na Gaeilge 2015'

  • padraig o donnchu

    ceard faoi na himeachtai ar mhor-roinn na hEorpa ag na Gaeil i gCein? Na ligimis an diaspora i ndearmad oir nil ar dteanga ligthe i ndearmad acu sin, ach iad a r a ndicheall acur chun cinn.