5 cinn de na húid is fearr a scóráladh i gCorn na gCuradh

Agus Corn na gCuradh críochnaithe don séasúr seo, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na páistí imeartha is fearr a chonaiceamar i rith an chomórtais

Napolioni Nalaga ag aimsiú úd i gcoinne Sale i gCorn na Curadh i mbliana. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Napolioni Nalaga ag aimsiú úd i gcoinne Sale i gCorn na Curadh i mbliana. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tháinig deireadh le Corn na gCuradh leis an gcluiche idir Toulon agus Clermont ag an deireadh seachtaine. Beidh orainn fanacht 5 mhí eile chun scoth na gclubanna Eorpach a fheiceáil san iomaíocht in aghaidh a chéile arís. Siar linn ar bhoithrín na smaointe agus seo 5 cinn de na húid is fearr a chonaic muid sa chomórtas an séasúr seo.



(@2.47)

Yoann Huget – TOULOUSE v Montpellier – Babhta 1

Thaispeáin lánchúlaí na Fraince díreach cé chomh deacair is atá sé greim a fháil air nuair a d’éalaigh sé ó thriúr chun an t-úd iontach seo a aimsiú.


 (@1.57) 

Mamaku Gorgodze – TOULON v Cúige Uladh – Babhta 5

Is gluaiseacht den chéad scoth a bhí anseo le Toulouse ag aistriú na liathróide ó dhuine go duine naoi n-uaire agus iad ag déanamh dul chun cinn an t-am ar fad. Chríochnaigh an t-iarracht le Gordgodze ag trasnú an líne úid.


 (1.59) 

Richie Vernon – GLASGOW v Bath – Babhta 6

Ar chliathán chlé Glasgow a cuireadh tús leis an ngluaiseacht ba chúis leis an úd seo, cúig mhéadar óna líne úid féin. Taobh istigh de 25 soicind, ámh, bhí ceann eile na páirce bainte amach ag Richie Vernon agus é ag cur críoch leis an ngluaiseacht.


 (@1.58) 

Napolioni Nalaga  – CLERMONT v Sale – Babhta 2

Cuireadh amach Nalaga thar an taobhlíne ag tráth amháin sa ghluaiseacht seo ach fós féin, bhí sé san áit cheart chun an t-úd seo a aimsiú agus thapaigh sé an deis.

 (@0.59) 

Tadhg Furlong – CÚIGE LAIGHEAN v Castres – Babhta 5

Ní rómhinic i mbliana a bhí an rugbaí scioptha agus oscailte ag Cúige Laighean ach is é a bhí le feiceáil san imirt arb é an t-úd seo ó Thadhg Furlong a toradh.

Fág freagra ar '5 cinn de na húid is fearr a scóráladh i gCorn na gCuradh'