5 cheacht ó na cluichí idirchontae agus club an deireadh seachtaine seo

Ní creideann Tiobraid Árann sa seanfhocal ‘tús maith leath na hoibre’ ach 'mol an oíge agus tiocfaidh siad an mana atá ag na Gaillimhigh

James Woodlock (Tiobraid Árann) agus Shane Durkin (Baile Áth Cliath) in iomaíocht i rith an chluiche sraithe an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
James Woodlock (Tiobraid Árann) agus Shane Durkin (Baile Áth Cliath) in iomaíocht i rith an chluiche sraithe an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Ní creideann Tiobraid Árann sa seanfhocal ‘tús maith leath na hoibre

Don chúigiú huair le sé bliana anuas, tá a gcéad chluiche sraithe caillte ag Tiobraid Árann le seacht gcúilín nó níos mó. Bhí bearna de 12 chúilín idir Baile Átha Cliath agus foireann Eamonn O’Shea i bPáirc Pharnell inné agus ní hé go raibh imreoirí móra Thiobraid Árann in easnamh.

Seachas an bua a bhí acu anuraidh i gcoinne Phort Láirge, tá gach cluiche sa chéad bhabhta caillte ag Tiobraid Árainn ó 2011, chomh maith le cailliúint eile i gcoinne Bhaile Áth Cliath i 2010 i mBabhta 2, an chéad chluiche a bhí acu an bhliain sin toisc gur cuireadh a gcluiche Cill Chainnigh siar.

Tá deis Gavin O’Mahony imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann le Cill Mocheallóg i mbaol agus é ag imirt leis an bhfoireann idirchontae. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Tá deis Gavin O’Mahony imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann le Cill Mocheallóg i mbaol agus é ag imirt leis an bhfoireann idirchontae. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá O’Mahony dílis don dá chúís

Tá áit bainte amach ag Gavin O’Mahony agus Cill Mocheallóg i gCluiche Ceannais na hÉireann i gcoinne Bhaile hÉil an mhí seo chugainn. Agus an cluiche ríthábhachtach ar na bacáin, bhí iontas ar go leor daoine O’Mahony a fheiceáil ag imirt do Luimneach i gcoinne Phort Láirge an deireadh seachtaine seo.

Go hiondúil, nuair a bhíonn imreoirí idirchontae fós gafa le Craobh an Chlub, ní fheictear iad ag imirt le linn na sraithe. Bhí imreoirí idirchondae Bhaile hÉil, TJ Reid agus Henry Shefflin ina measc, ar lár nuair a d’imir Cill Chainnigh i gcoinne Chorcaí oíche Dé Sathairn. Tá O’Mahony agus Cill Mocheallóg ag dul sa seans leis an socrú seo agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an mbeidh O’Mahony ag imirt i mBabhta 2 agus 3 den tsraith agus Lá Fhéile Phádraig ag druidim linn.

 Bhí bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham, sásta imreoirí óga a chaitheamh isteach i gcoinne an Chláir. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy
Bhí bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham, sásta imreoirí óga a chaitheamh isteach i gcoinne an Chláir. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Tá na Gaillimhigh ag moladh na hóige

Tá Roinn 1 den tsraith i mbliana thar a bheith iomaíoch agus bhí sé iontach tábhachtach do Ghaillimh go dtiocfaidís slán sa chluiche i gcoinne an Chláir an deireadh seachtaine seo. Ní raibh mórán taithí ag an bhfoireann a phioc Anthony Cunningham ach beidh sé thar a bheith sásta gur éirigh leo bua a fháíl i mBóthar na Trá.

Bhí cúigear ar fhoireann na Gaillimhe a bhí ag teacht díreach ó fhoireann Faoi-21 an chontae anuraidh ach sheas siad an fód i gcoinne a gcomharsan. Is é Jason Flynn, ceann de na himreoirí óga sin, a bhuaigh an chluiche do na Gaillimhigh, é ag léiriú an-mhisneach chun buille 65m agus poc saor crua a aimsiú in am cúitimh chun na pointí a sciobadh ón gClár.

Imreoir Chora Finne, Gary Delaney, ag ceiliúradh lena hiníon tar éis an bua i gcoinne Naomh Uinsionn. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Imreoir Chora Finne, Gary Delaney, ag ceiliúradh lena hiníon tar éis an bua i gcoinne Naomh Uinsionn. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tharlódh go mbíonn imreoirí nua i gceist ach bíonn an toradh céanna ann

Nuair a caitheadh isteach an sliotar ag tús an chluiche idir Cill Chainnigh agus Corcaigh, ní raibh ach seachtar imreoirí ar fhoireann Bhrian Cody agus a thosaigh in athimirt Chluiche Ceannais na hÉireann anuraidh. Ina ainneoin sin, b’iad na Cait a thug an lá leo.

Ní hamháin sin ach thug cuid de na himreoirí nua sin taispeántais a thabharfaidh ábhar machnaimh do Brian Cody fiú nuair a bheidh na himreoirí móra le rá ar fad ar ais. Tar éis dóibh a bheith imeallach go maith le cúpla bliain anuas, thug Walter Walsh agus Mark Kelly taispeántais mhaithe uathu freisin, iad ag aimsiú 0-7 ón imirt eatarthu.

Imreoir Chora Finne, Gary Delaney, ag ceiliúradh lena hiníon tar éis an bua i gcoinne Naomh Uinsionn. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Imreoir Chora Finne, Gary Delaney, ag ceiliúradh lena hiníon tar éis an bua i gcoinne Naomh Uinsionn. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá an míchlú a bhí ar Cora Finne á dhíbirt acu

Bhain Cora Finne droch-chlú amach i gcraobh na Gaillimhe le roinnt blianta anuas as stíl fhíorchosantach a imirt. Dúradh leo gur ag imirt ar nós foireann idirchontae a bhí siad, amhail is gur masla a bhí sa mhéid sin!

Leis an gcaoi a bhfuil siad ag imirt sa chraobh i mbliana, is cinnte nach féidir a rá go gcuireann siad leadrán ar dhaoine níos mó. Rinne siad scrios i gcraobh na Gaillimhe agus bhain siad amach craobh an chúige sa chaoi céanna.

Chuaigh an taispeántas i gcoinne Naomh Uinsionn an deireadh seachtaine seo i bhfeidhm ar go leor daoine, go háirithe an úsáid a bhain siad as an bpas coise, scil nach bhfeictear ach go hannamh le tamall. Agus iad ag prapáil do Chluiche Ceannais na hÉireann anois, níl aon dabht ach go bhfuil Cora Finne ag fáil an ceann is fearr ar lucht a gcáinte.