5 cheacht dár foghlaimíodh i 2014

Ní féidir é bheith ina ghruth agus ina mheadhg agat. Nuair a fógraíodh ar Lá na nAmadán go raibh CLG luite in aon leaba le SKY, cheap scata gur ag ullmhú don lá a bhíothas. Ba léir ana-thapaidh nárbh amhlaidh a bhí agus má tá aon ní foghlamtha faoi Chumann Lúithchleas Gael le bliain anuas […]

Paul Geaney celebrates scoring his side's first goal 21/9/2014
Paul Geaney. Credit ©INPHO/James Crombie

Ní féidir é bheith ina ghruth agus ina mheadhg agat. Nuair a fógraíodh ar Lá na nAmadán go raibh CLG luite in aon leaba le SKY, cheap scata gur ag ullmhú don lá a bhíothas. Ba léir ana-thapaidh nárbh amhlaidh a bhí agus má tá aon ní foghlamtha faoi Chumann Lúithchleas Gael le bliain anuas againn tá go bhfuil deighilt ana mhór anois idir sprid na tráchtála agus sainsprid an oibrí dheonaigh agus idir brábús agus prionsabail laistigh den eagraíocht Tá seo amhlaidh toisc go bhfuil ceannasaí tráchtála CLG, Peter McKenna, ag déanamh an chúraim a ceapadh dó ach cá bhfuil guth na muintire san idirbheartaíocht go léir?

Ní féidir an dubh a chur ina gheal ach seal. Nuair a fógraíodh ré na gcártaí dubha ag deireadh na bliana seo caite thug sé ana-mhisneach agus dóchas don sárimreoir gurb í an tsaoirse ealaíona a sprioc. Bhuaigh duine des na himreoirí céanna, James O’Donoghue, gach gradam gurbh fhiú trácht air i mbliana. Ach ná cuirfeadh san dallamallóg ort. As na cúig cinn d’athruithe a bhí le cur i bhfeidhm i gcás na gcártaí dubha, níl ach ceann amháin á riaradh mar is cóir. Caithfidh na réiteoirí luí amach níos mó orthu féin chun na cártaí dubha a chur i bhfeidhm mar is ceart.

Is binn béal ina thost. Más aon tslat tomhais na cluichí iasachta ar nós sacair, tá ról na meán sóisialta le dul i dtreise bliain ar bhliain i saol an spóirt. B’iad foireann peile Chorcaí is túisce a bhraith léasadh an twitterati tar éis a dtaispeántas i gcluiche ceannais na Mumhan. Baineadh siar as mórán le binbeacht an léasta chéanna ach pé acu is áin linn é nó nach áin, tá imreoirí an lae inniu ag maireachtaint ins an domhan seo. Tá deireadh go deo leis an lá gur féidir rún a choimeád faoi cheilt. Ní gá dul in airde ar chrann ach an oiread chun an rún sin a scaoileadh!

Fonn a níos fiach agus ceal a dheineann diabhail. Gan ach ceithre fhoireann fágtha sa rás i dtreo dheireadh na craoibhe i mbliana, ba dheacair dul tharais Áth Cliath. Bhíodar chomh mór sin os cionn a mbuille i gcaitheamh na bliana nár taibhsíodh d’aoinne lasmuigh de champa Dhún na nGall gurbh fhéidir iad a chloí. Ag féachaint siar anois air, is ait linn go léir go rabhthas chomh tógtha le foireann nár tástáladh ach ar feadh sealanna ana- ghairide ó thús na bliana. Bhí an fonn chun catha tráite go maith faoin dtráth go raibh na lúba ar lár i gcosaint Átha Cliath ina bpoill. Ach beidh siad ar ais ag fiach an bhliain seo chugainn agus más féidir iontaoibh bheith againn as na geallghlacadóirí, is iad a bheidh in uachtar.

Is fearr lúbhadh ná briseadh. Bhuaigh Ciarraí craobh na hÉireann i mbliana toisc go raibh a gcuid imreoirí, a mbainistíocht agus a gcur chuige níos solúbtha ná aon fhoireann eile. Bhí plean gach lá acu a bhí in oiriúint don gcéilí comhraic a bhí rompu. Ní rabhthas ag cloí go docht le múnla amháin nuair ba léir ná hoirfeadh an múnla sin don ócáid. Deintear iarrachtaí gach bliain ar aithris a dhéanamh ar stíl agus ar chur chuige an churaidh, ach conas is féidir san a dhéanamh i gcás Chiarraí?

 

Fág freagra ar '5 cheacht dár foghlaimíodh i 2014'