Jape – Seance Of Light
Tá banna Richie Egan ag eisiúint albam ar leith le fada an lá anois, agus is é The Chemical Sea an ceann is déanaí acu. Táim idir dhá chomhairle mar gheall air seo, an chéad singil uaidh. Is léir gur pop-amhrán tarraingteach é, ar mhacasamhail leithéidí Hot Chip, ach n’fheadar conas mar a bhraithim mar gheall ar an obair léirithe fhíorghlan atá déanta air. Cad é do mheas?
Carol Keogh – The Great Almost
Táim riamh an-cheanúil ar ghlór Carol Keogh, cibé mar amhránaí le The Plague Monkeys fadó nó le The Tycho Brahe ina dhiaidh sin. Anuraidh, d’eisigh sí a céad albam aonair agus is mó amhrán uaidh a chasas ar an gclár. Seo amhrán a chum sí ag deireadh na nóchaidí agus a chas a banna, The Plague Monkeys, aon uair amháin i Whelan’s san ardchathair i Nollaig na bliana 1999. Dhein sí é a thaifead den gcéad uair le déanaí agus is maith go ndein mar níl aon teorainn le rómánsúlacht an amhráin seo.
Aritape – Birthday
Seo an dara singil ón gceoltóir Arik Hayut, atá lonnaithe i mBerlin, agus beidh sé le clos ar a albam úr Seven Bad Years a bhronnfar amach anseo orainn. Is drumadóir ó dhúchas é ach tá blianta caite aige ag foghlaim a cheirde mar cheoltóir is taithí fachta aige i réimsí éagsúla den cheol, cibé le huirlisí traidisiúnta nó le huirlisí digiteacha é. Is léir go bhfuil oideachas maith curtha aige air féin.
Burial – Temple Sound
Tá bliain imithe tharainn ó d’eisigh Burial a cheirnín deireanach agus i bhfianaise na hiarrachta nua spleodraí seo, tá éirithe leis nasc a dhéanamh idir foinn trance, buillí speed-garage agus spiorad ‘hardcore’ na nóchaidí luaithe. Tá an oiread san measa air go gcíortar go smior gach a ndeineann an fear seo. Is duine dá threibh mé, is táim meallta arís aige lena cheirnín nua.
Panda Bear – Boys Latin
D’eisigh Noah Lennox AKA Panda Bear, iarbhall den ghrúpa Animal Collective, a chúigiú albam aonair le déanaí. Is saothar ar leith é Panda Bear Meets The Grim Reaper agus níl aon dabht orm ach go mbeidh sé ar liostaí ‘fad-cheirníní 2015’ nuair a fhoilseofar iad ag deireadh na bliana. I gcás Boys Latin gluaiseann pop-amhrán aerach os cionn buillí hip-hop is fuaimeanna allúracha ag ráthaíocht faoin rud ar fad.
Agus ceann ón gcartlann…
Young Marble Giants – Searching For Mr. Right
Níor eisigh an banna seo ó Chardiff na Breataine Bige ach aon albam amháin – Colossal Youth. Um an dtaca seo i 1980 a tháinig sé ar an bhfód agus bí ag caint ar cheol. Ag saothrú dóibh sa cheoldreach a lean an múnla a chruthaigh punk a bhíodar, agus chumadar amhráin mhalla, uaigneacha den chuid is mo, le cóiriú ceoil a bhí tógtha timpeall ar ghlór Alison Statten agus dord-ghiotár Philip Moxham. Is fiú éisteacht chomh maith le ‘Final Day’ ón albam céanna.
– Cuireann Cian Ó Cíobháin i láthair An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00 https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/@AnTaobhTuathail
Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'