5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

Somadrone – The Howling Infinite (feat Margie Lewis)

Seo é an chéad bhlaiseadh atá curtha ar fáil ag Neil O’Connor is a bhanna Somadrone óna séú albam Wellpark Avenue a bheidh chugainn i mí na Samhna ar lipéad Scintilla.

Tá glór Margie Lewis le clos ag amhrán ina theannta ar an gceann seo. De bhunadh Adelaide na hAstráile Lewis ach tá sí ag cur fúithi san ardchathair le blianta anuas.  

Seo amhrán tarraingteach a ghríosaíonn an tsamhlaíocht, amhrán a lúbann is a chasann trí stíleanna éagsúla, faoi mar a bheadh baill den bhanna Broadcast is lipéad Ghost Box ag súgradh le foinn dhiamhaire Future Sound Of London ó na nóchaidí luatha.

Yves Tumor – E. Eternal

Cúpla seachtain ó shin, gan an scéal á fhógairt, d’eisigh Sean L. Bowie AKA Yves Dumor albam nua de phreab, saor in aisce ar an idirlíon. Experiencing The Deposit Of Faith an teideal atá ar an saothar seo agus is féidir greim a fháil air ar a leathanach Soundcloud.

Seo an rian atá tar éis mo chluasa a chur ar bior.  Tá sé mar nós ag an gcumadóir seo an bhéim a chur ar lúb ghearr cheoil agus í a chasadh arís is arís eile go dtí go gcuireann sí mearbhall ar an éisteoir.  Sa chás seo, méadaíonn éifeachtaí hiopnóiseacha an phoirt nuair a thugann sé isteach fuaimeanna ná beadh as áit i rang do ghrúpa machnaimh: bíodh san ina shiosarnach téipe, tine ar lasadh nó cór ag canadh amhráin chráifeacha.

Augustus & John – Before I’m Gone

Tá trí rian nuachumtha le clos ar EP úr Augustus & John na Gaillimhe  Faded Like Summer. B’fhiú aird a tharraingt ar aon cheann acu. Sa phríomhamhrán cloistear glór an amhránaí Rokaia don gcéad uair ina dteannta, ar bhealach a thugann chun cuimhne an EP a thaifead Royksopp le Robyn roinnt blianta ó shin. Ní bheadh ‘Donnafugata’ as áit ar chatalóg cheoil lipéad Kompakt.

Ach luafaidh mé an ceann seo.  Seo popamhrán leictreonach searbhmhilis, tiomáinte ag amhránaíocht leochaileach Mike Smalle.  Tá lorg an uaignis le clos ina ghlór, ach éiríonn leis an bhfrascheol dioscó a thagann chun cinn anseo is ansiúd a mheabhrú dóibh siúd atá ag éisteacht is ag rince go bhfillfidh an ghrian i ndiaidh na fearthainne.

Lankum – What Will We Do When We Have No Money (Lighght Bitcoin Blockchain Blend)

Tá na ceoltóirí ón mbanna Lankum ag plé le cúrsaí ceoil san ardchathair ó thosaigh na deartháireacha Ian agus Daragh Lynch ag ceol ag tosach na mílaoise seo.  Thugadar Lynched orthu féin tráth (imeartas focal ar shloinne na ndeartháireacha) ach d’athraíodar a n-ainm go Lankum (ón mbailéad ‘False Lankum’ le John Reilly Jr), ós rud é go bhfuil brí dhiúltach leis an bhfocal ‘lynched’ toisc é bheith ceangailte leis an gciníochas sna Stáit Aontaithe.

Tá ceathrar sa bhanna anois – Cormac Mac Diarmada agus Radie Peat san áireamh – agus táid ag cumadh ceol aisteach a bhfuil cos amháin i dtaca aige in amhráin thraidisiúnta na tíre seo, is an chos eile i dtaca i gcúinne coimhthíoch éigin eile den chosmas.  Between The Earth & The Fire atá ar a n-albam úr a bheidh ar fáil ar Rough Trade ag deireadh na míosa seo agus níl a shárú ann.

Seo léamh Lighght, léiritheoir atá bunaithe in iarthar Chorcaí, ar amhrán ón albam.  Mar aon le Lankum, is léir go bhfuil taithí mhaith aige ar an mbóthar a thugann fánaithe ceoil ar seachrán go dtí an taobh tuathail.

Ceann ón gCartlann

Jubliee Allstar – Which Kind?

Bhí an banna Jubilee Allstars i mbarr a réime san ardchathair ag deireadh na mílaoise seo caite.  Triúr dearthár a bhí sa bhanna, Barry, Niall agus Fergus McCormack agus Lee Casey a bhíodh ar na drumaí.

Bhronn an iris Melody Maker singil na míosa ar a n-amhran ‘By The End Of The Night’ sa bhliain 1996 ach seo an ceann a sheas amach domsa i gcónaí – ‘Which Kind’. Tháinig amach ar Lakota scór bliain ó shin.  Deineadh an físeán a thaifeadta san Olympia fad is a bhí an áit folamh agus bhíodh sé le feisicint go minic ar an gclár ceoil teilifíse No Disco tráth don saol.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'