5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

Cian-image

Nick Cave & The Bad Seeds – I Need You

https://www.youtube.com/watch?v=BAMZYpZi_M4

Is deacair éisteacht le haon amhrán ar albam úr Nick Cave ‘Skeleton Tree’ gan smaoineamh ar an bpian is ar an bhfulaingt atá á bhrath aige ó bhásaigh a mhac óg go tubaisteach anuraidh. Táimse ag éisteacht lena chuid amhrán dobrónach ó bhíos im’ dhéagóir ach n’fheadar ná gurb é seo an ceann is uaigní acu ar fad.  Téama an amhráin is ea an leannán tréigthe, leathchuimhní ag rith leis: é ina sheasamh faoi scáth dorais nó seasta i scuaine in ollmhargadh; feiceann sé gúna dearg ag titim, carr dubh ag feitheamh. Níl aon dabht ná go bhfuil a shaol curtha as a riocht, tá an crá croí go tréan ina ghlór:

“I need you

 I need you

 Just breathe, just breathe

 I need you”.

ELLLL – Romance

ELLLL is leasainm don chumadóir Ellen King ó Chorcaigh atá ar dhuine de na léiritheoirí ceoil is suimiúla atá cloiste agam leis na cianta.  Sheol sí tuairim is ocht rian chugam le déanaí, níl a bhformhór eisithe go fóill is bhaineadar ar fad creathadh asam.  Dála Laura Halo, cumann sí teicneo álainn mothálach, a shúnn isteach samplaí de cheolta na cruinne, sa chás seo ceol ón meánoirthear.  Is í an t-ealaíontóir digiteach Louise Adelaide Mckeown a chruthaigh an físeán seo.  Bhunaigh ELLLL an oíche cheoil GASH, a thugann tús áite do léiritheoirí ban ceol nó ceirníní a chasadh is beidh sí féin le clos ina measc ag an gcéad chóisir eile i gclub Factory na Gaillimhe ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair.

Tiga – Blondes Have More Fun

Is mó cóisir a raibh an ceann seo le clos á chasadh aige le cúpla mí anuas, amhrán ó Tiga, léiritheoir/cumadóir/dioscmharcach agus -ó am go chéile – popréalt as Montréal, Ceanada.  Ní raibh riamh aon leisce air a chur in iúl dá lucht leanúna an gean síoraí atá aige ar oidhreacht cheoil Prince agus, thar aon amhrán eile atá cumtha aige go dtí seo, seo an ceann is cóngaraí de stíl an phopmháistir a d’éag cúpla mí ó shin.  Déarfadh éinne go mb’fhéidir gur sciob Tiga na liricí ó leabhar nótaí an mháistir:

“You might be rich but I have all the fun

You’re lying to yourself while I lie in the sun

Hold your broken dreams close to your broken heart

It’s nothing new to me cause I’ve known right from the start”.

Loner Deluxe – Moon Dunes

D’fhéadfainn rian ar bith a mholadh ó EP úr Keith Wallace na Gaillimhe, ‘Long Shore Drift’, atá ar chaighdeán chomh hard le haon ní atá cruthaithe aige go dtí seo, ach táim chun aird a tharraingt ar an gceann seo toisc gur féidir leat súil a chaitheamh ar fhíseán atá cruthaithe dó ag muintir tinyEPICS na Gaillimhe, an dream céanna a chruthaigh an físeán d’amhrán eile Loner Deluxe, ‘Winters Last Fire’.  Tugann Keith “UFOlk” ar an gcineál ceoil atá á chumadh aige faoi láthair agus tá an lorg san ar an bpríomh-amhrán ar an EP, ‘Long Shore Drift’, an bainseo á chasadh ag Dave Colohan is glór macánta Aaron Coyne anuas air.  Ach ar rianta eile ar an EP cosúil le ’NiteKlubGhosts’ agus cosúil leis an gceann seo, tugtar tús áite don dord trom agus do na sintéiseoirí taibhseacha, leathghruama.

Ceann ón gCartlann

Donna Summer – MacArthur Park [Suite]

Chum Jimmy Webb MacArthur Park um an dtaca seo sa bhliain 1967, tar éis briseadh suas lena ghrá geal, Susie Horton.  Deich mbliana ina dhiaidh sin, bhí Giorgio Moroder agus Pete Bellotte ar thóir amhrán óna seascaidí, d’fhonn cló nua dioscó a chur air do na clubanna.  Chualadar leagan Richard Harris (maireann mórán leaganacha de – tá leaganacha de canta ag Glen Campbell, The Four Tops, The Three Degrees &rl) ar an raidió lá agus scuab sé na cosa uathu.  Cheapadar go n-oirfeadh sé de ghuth Donna Summer, go mórmhór mar go mbeadh uirthi tabhairt faoi na nótaí arda.  Níor chuala an leagan ‘suite’ seo a mhaireann nach mór 18 nóiméad go dtí le déanaí.  Leagan is ea é a nascann giotaí ó amhráin eile le hamhrán Jimmy Webb.   Ón gcéad nóta ar an bpianó, bhíos faoi gheasa aige.  Chorraigh mo chroí, chorraigh mo chromáin agus chomh luath is a d’éalaigh an riff deireanach uaim, chaitheas tabhairt faoi arís.  Bí ag caint ar odaisé ceoil!

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'