5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin cúig cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Colm Mac Con Iomaire – The Finnish Line

 

Bhí mórán againn faoi gheasa ag an album aonair deireanach, The Hare’s Corner, a d’eisigh Colm Mac Con Iomaire, fear a bhain cáil amach mar fhidléir leis an ngrúpa The Frames. Seo an chéad bhlaiseadh dá albam úr Agus Anois An Aimsir, a bheidh á sheoladh aige Tigh Whelan, BÁC, ar an 17 Aibreán. Dála an chuid is fearr den gceol atá taifeadta ag Mac Con Iomaire go dtí seo, seo port go bhfuil ardú croí is meanman ann.


Sufjan Stevens – No Shade In The Shadow Of The Cross

 

Is cosúil go bhfuil Sufjan Stevens tar éis filleadh ar an stíl shimplí acoustach a bhí le clos ar a luathshaothar.  Níl aon cheolfhoireann, ná fiantas leictréonach, ná fiú drumaí le clos ar na hamhráin ar a albam úr Carrie & Lowell, a bheidh ar fáil i mí Aibreáin, mar a bhí ar a albam deireanach, mar shampla.  Ina n-áit sin,  tá amhráin a phléann le téama an uaignis aige, a chuirfeadh stíl chiúin Elliot Smith nó Nick Drake nó Bon Iver i gcuimhne do dhuine. Bhásaigh a mháthair Carrie le haillse ag deireadh 2012 agus deineann sé machnamh ar an albam seo ar a chaidreamh léi agus ar an easpa a bhraitheann sé dá ceal.


Midaircondo – Veins

 

Seo an port is mó a thaitníonn liom ar IV, albam úr le Lisa Nordström and Lisen Rylander Löve ón mbanna Midaircondo atá lonnaithe i nGothenburg na Sualainne. Cruthaíodh is taifeadadh an saothar beo os comhair lucht féachana in Svenska Grammofonstudion na cathrach an fómhar seo caite.  


Rone – Elle

 

Is ionann Rone gaus Erwan Castex, léiritheoir ceoil bunaithe i bPáras na Fraince a chumann ceol leictreónach taibhsiúil, dála Boards Of Canada. Seo iarracht óna albam úr ina bhfuil Bryce Dessner ón ngrúpa The National le clos ar an ngiotár is ar na coirn.


John Tejada – Two 0 One

 

Is mó albam – 12 ar fad! – atá eisithe ag an léiritheoir John Tejada ó L.A. ó 1998 i leith ach is fada ó d’eisigh sé aon ní atá chomh cumasach lena albam úr Signs Under Test, atá ar fáil ón lipéad Gearmánach Kompakt.  ‘Sea, is léir go bhfuil na rianta air seo fréamhaithe i bhfuaim house na gclubanna, ach éiríonn leis mothucháin dhiamhra a fháisceadh óna chuid foinn tharraingteacha ar bhealach gur féidir le duine an sásamh céanna a bhaint as an gceol sa mbaile is a bhainfí as sa chlub.


CEANN ÓN gCARTLANN


Wilco – Sunken Treasure

 

Tá ocht n-albam ar fad eisithe ag an ngrúpa Wilco ó Chicago.  Níl tuairim agam an mó amhrán atá taifeadta acu ach táim den dtuairim le fada gurb é seo an ceann is fearr acu. Chualathas den chéad uair é ar a ndara halbam Being There sa bhliain 1996. Is geall le harraing trí chroí caidrimh atá imithe go tóin poill iad focail chumachtacha an amhránaí Jeff Tweedy, nuair a deir sé:

I am so

Out of tune

With you.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'

  • Glór í Eo

    Is breá liom an colún seo. Bímse ag foghlaim an oiread sin faoi saol an cheoil. Coinnigí libh!