5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

DJ Koze – Knee On Belly

Tá rogha nua DJ Koze sa tsraith DJ Kicks á casadh sa mbaile le tamall anois is an cheist ar bharr gach goib ná cathain a chloisfimid ábhar nua-chumtha uaidh féin arís. Bhuel, is é an XTC EP an chéad saothar nua-chumtha uaidh ó d’eisigh sé a albam deireanach Amygada sa bhliain 2013. Dar liom, seo an rian a sheasann amach: ‘buama dioscó’ aisiompaithe don urlár rince. Chas sé in ionad District 8 i mBaile Átha Cliath le gairid agus ba é seo an chéad cheirnín a leag sé ar an gceirneoir an oíche úd.

Bjork – Lion Song (Mica Levi ‘Kareokieijd’ Remix)

Bhí ceoltéama Mica Levi don scannán Under The Skin le Jonathan Glazer ar an gceol is diamhaire agus is áille dar chuala na cluasa seo anuraidh. Mar sin bhí sceitimíní orm nuair a chualas go mbeadh sí ag tabhairt faoi ‘Lion Song,’ ceann de na bhuaicphointí albam úr Bjork. Ar an gcéad éisteacht ní rabhas ró-thógtha leis seo, cheapas ná raibh déanta aici ach liricí Bjork a fhágaint ar lár agus an bhéim a chur ar na cordaí. Agus sea, sin atá déanta aici, ach má éistíonn tú leis cúpla uair, cloiseann tú na hathruithe atá déanta aici ar an gcóiriú freisin, go mór mhór na gnéithe nua atá curtha aici leis an mbunleagan a bhí níos loime. Féach ar an bhfíseán seo agus can na focail atá fágtha ar lár – tá an téacs le léamh faoi mar a bheadh sé ag oíche karaoke nó ‘kareokjeijd’.

Naive Ted – Charlie & The Accomplice

Is teagascóir ceoil é Andy Connolly i Luimneach ach nuair ná bíonn sé ag tabhairt cuireadh chun ceoil chuig ógánaigh na cathrach, bíonn sé ag cumadh ceol allúrach – mar Deviant agus Naive Ted nó mar Vince MackMahon – nó le grúpaí mar Flying Buttresses agus Grandeurs Of Delusion. Anois tá fáil ar a albam iontach The Inevitable Heel Turn atá eisithe aige faoin ainm Naive Ted. Táim ag éisteacht lena shaothar ceoil le blianta, ceol atá fáiscthe as a chuid scileanna mar dhioscmharcach oilte. Is léir ón gcanbhás fuaime atá péinteáilte aige ar an saothar seo go mbíonn sé ag éisteacht le raon an-leathan ceoil, idir sean is nua, ó snag-cheol go buillí fíochmhaire comhaimseartha ar nós Hessle Audio, nó ceirníní sícideileacha a d’aimsigh sé ar a chuid ruathair siopadóireachta. Is albam ar leith é seo, albam a mheabhraíonn go bhfuil fás is forbairt ag teacht ar a chuid scileanna sa stiúideo. Beidh an deis agat féin cluas a thabhairt dó ag Féile Ealaíne na Gaillimhe ar an 24 Iúil nó i gCorcaigh ar an 30 Iúil i dteannta JusMe agus Spekulativ Fiktion.

nthng – 1996

Gach seachtain éistítear leis na mílte ceirníní house agus techno a ndéantar dearmad orthu laistigh de sheachtain eile. Ach, anois is arís, cloiseann tú ceann a fhaigheann greim ar do chroí agus a scuabann na cosa fút agus a fhios agat go mbeidh tú ag éisteacht arís is arís eile leis sna blianta amach romhat. Seo a mhacasamhail de cheirnín. Drumaí tiubha techno, cordaí clasaiceacha house a chumadh leithéidí Larry Heard/Mr Fingers tráth, agus guth Chaka Khan sciobtha ón amhrán ‘All Good,’ a chum sí le De La Soul fadó. Éiríonn leis an gceirnín seo i ngach comhthéacs éisteachta, cibé sa mbaile nó sa chlub é.

Ceann ón gCartlann

Dinosaur Jr – Freak Scene

Sarar eisigh Nirvana ‘Smells Like Teen Spirit,’ ba é an t-amhrán seo ó 1988 an ceann is mó go raibh tóir air ag clubanna indie fadó. Dar leis an iriseoir ceoil Everett True, ba é seo an t-amhrán a chur tús leis an nglúin ar baisteadh an ‘slacker’ generation orthu sna Stáit. Ambaist’ ach go raibh club cáiliúil i gCorcaigh uair a thug ‘Freak Scene’ orthu féin, bhí an t-amhrán seo chomh mór sin i mbéal an phobail. Fágaimis an focal scoir ag J Mascis, amhránaí an ghrúpa, a chanann na línte seo sa chuid is ciúine den amhrán:

Sometimes I don’t thrill you

Sometimes I think I’ll kill you

Just don’t let me fuck up will you

’Cause when I need a friend it’s still you.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'