5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Nick Cave – The Sick Bag Song (Los Angeles)

Tá leabhar nua ag an amhránaí is an údar Ástráileach cáiliúil; saghas dírbheathaisnéis bóthair a chum sé as nótaí a scrígh sé ar na málaí úd a bhíonn os comhair daoine ar eitleáin ar eagla go dtiocfadh an tonn taoscach orthu. “The bathroom light is brutal” a deir sé, is é os comhair an scatháin. “I reposition my face so that I stop looking like Kim Jon-un and start looking more like Jonny Cash”. Léigh na nótaí is cloisfidh tú guth neamchlaonta, uaireanta lán d’áilleacht, uaireanta eile lán suas de mhóiréis. Seo ceann de na físéan a dhein Iain Forsyth & Jane Pollard – iad siúd a chuir i láthair ’20,000 Days On Earth’, scannán dírbheathaisniúil faoin amhránaí – ag léamh óna leabhar, le tionlacadh aimbiach do chaibidil L.A.

PolyGlove – Czarist

PolyGlove is ea Niall Conroy is Stephen Maguire atá bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is maith leo techno taibhsiúil analógach a bhronnadh ar chluasa na cruinne faoi mar a chloisimid ar an iarracht álainn seo óna EP úr ‘Redial’. Seo sampla den gceol leictreonach nár féidir leat do mhéir a leagadh ar imeall an cheoil, mar tá a chuid teorainn teibí is doiléir. Is é SecondFrame a chum an físeán áirithe seo.

Lee Bannon – Artificial Stasis

Beidh fáil ar ‘Pattern Of Excel’, albam úr an léiritheora Lee Bannon, ar Ninja Tune go luath agus seo é an chéad blaiseadh atá cloiste againn uaidh. Seo rian aoibhinn simplí le macallaí den gceol a chum Vangelis do Blade Runner, ach tugann sé chun cuimhne cuid de na poirt aisteacha a d’eisigh Radiohead fadó ar chúl a gcuid ceirníní gan trácht ar chumadóirí comhaimseartha mar Actress is Oneohtrix Point Never. Tá aistear fada ceoil curtha de aige óna laethanta luaithe ag cumadh bhuillí do rapfhonnadóirí mar Joe Bada$$ is Mick Jenkins fadó.

Chris Avantgarde – The Good Old Days

Tarlaíonn sé do dhiosc-mharcaigh ar fud na cruinne gach aon deireadh seachtaine. Caitheann siad an tseachtain ag eagrú don gig, ag cinntiú go bhfuil na ceirníní is doimhne nó is diamhaire sa mhála don ócáid. Ach nuair a shroicheann siad an club, caitear na pleananna a athrú mar níl ann ach pluais mhór dhorcha le macallaí fuaime ag cleataráil timpeall ar na ballaí is damhsóirí ag imeacht bán ag lorg rud simplí, elimintiúil: cic-dhruma trom agus ríf mealltach léirithe go snasta don ‘seomra mór’. Tá ceithre rian ar fad le clos ar ‘If You Find Yourself In A Large Room Vol 1’ ar Dirtybird, an ceann seo san áireamh, chun teacht i gcabhair ar dhiosc-mharcaigh atá i gcruachás an samhradh seo.

Ceann ón gCartlann

Grandaddy – Miner at the Dial-A View

Bhí Grandaddy, banna le Jason Lytle, ar cheann de na grúpaí ba thabhachtaí a bhí ag taifeadadh i Meiriceá i dtreo casadh na mílaoise. Seo ceann de na hamhráin ab áille a chumadar, bainte ón albam The Sophtware Slump ón bhliain 2000. Tá reachtaire an amhráin ag obair mar mhianadóir ar phlainéad eile i bhfad ó bhaile agus anois is arís caitheann sé cúpla bonn airgid isteach san inneall ‘dial-a-view’, chun radharc a fháil ar aon spota is mian leis sa domhan seo (ach domhanfhad is domhanleithead a roghnú). Caitheann sé súil ar a thigh, áit a bhfeiceann sé a bhean ag eachtraí di le fear eile, is tagann cumha ar dá bhean, dá bhaile:

“I dream at night, of going home someday/ Somewhere, so far away …”

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'