5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Tapes – Somebodies Baby

Seo leagan nua álainn d’amhrán Pat Kelly ón mbliain 1968, é curtha le chéile ag an léiritheoir Tapes. Táim an-tógtha le héifeacht amháin atá curtha aige leis an amhrán, is é sin an tslí a gceapfá go bhfuil duine éigin ag leagadh láimhe ar an gceirnín ó am go chéile agus ag útamáil leis. Tá an ceann seo le clos ar an EP  Workshop 21 in éineacht le rianta le Herron, The Horn agus Willow.


Nozinja – Baby Do U Feel Me

Táim ag feitheamh ar nasc idirlíne chuig an amhrán seo le stáir lena roinnt le cách. Anois, ní hamháin go bhfuil nasc againn ach tá físeán iontach ildaite curtha ag LaTurbo leis. Níl dabht ar bith ach go bhfuil rian seo Richard ‘Nozinja’ Mthetwa, duine de réalta ghluaiseacht Shangaan Electro na hAfraice Theas, ar cheann de rianta móra an tsamhraidh. Ba iad ógánaigh na hAfraice Theas amháin a bhíodh ag rince leis seo tráth, ach anois agus an t-amhrán amuigh tá deis ag rinceoirí ar fud na cruinne bús allais a bhaint as rithimí leictreonacha Soweto.


DJ Rashad – Cause I Know U Feel (le Gant-Man)

Image 2

D’éag DJ Rashad, duine de réalta na stíle dúchasaí ceoil ar a dtugtar ‘juke’ nó ‘footwork’ i Chicago, thart ar bhliain ó shin. Seo an buaicphointe ó EP de rianta nua leis – an 6613 EP – ná raibh fáil orthu go dtí seo. Go príomha, is stíl cheoil é ‘footwork’ atá dírithe ar rinceoirí. Bíonn 160 buille sa nóiméad ann agus raon leathan de shamplaí de gach saghas ceoil le clos sna poirt. Chuireas scéal amach trí na meáin shóisialta, féachaint an bhféadfadh éinne a rá liom cad as ar sciob Rashad na liricí seo. Mheabhraigh Oisin Lunny agus Kenneth Gleeson dom gur ó amhrán Alicia Myers, ‘You Get The Best From Me (Say, Say, Say),’ a thóg sé iad.


Prinzhorn Dance School – Education

Is iad Tobin Prinz agus Suzi Horn an Prinzhorn Dance School agus ar an albam is déanaí leo, ‘Home Economics’ (atá cois le fiche nóiméad ar fad), is lom an cóiriú ceoil acu agus gan oiread agus nóta ann as áit. Tá na hamhráin ar fad an-ghearr agus iad tógtha as foinsí simplí – dord-línte tarraingteacha iar-phunc agus corr-scríob ón ngiotár, mar shampla, mar atá sa cheann seo.


Ceann ón gCartlann

Rose Laurens – American Love

Amhránaí ón bhFrainc is ea Rose Laurens. Tharraing sí clú uirthi féin leis an amhrán ‘Africa,’ a bhain creathadh as barr na gcairteanna ar fud na hEorpa i 1982, agus is í a chan an bunleagan Fraincise den amhrán ‘I Dreamed A Dream’. Seo singil a d’eisigh sí sa bhliain 1986, singil nár chuireas aithne air go dtí le fíor-dhéanaí. Is cuma cad a deir daoine faoi na hochtóidí: tá tobar ceoil na tréimhse sin go breá domhain agus cá bhfios cad a chloisfidh tú nuair a fhilleann tú air. Vive Rose Laurens!

Cuireann Cian Ó Cíobháin ‘An Taobh Tuathail’ i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'