5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Ekoplekz – A Caustic Romance

Tá an ceann seo ar an bhfadcheirnín nua Reflekzionz le Nick Edwards, léiritheoir ó Bhristol. Tá sé ar fáil an tseachtain seo ar Planet Mu. Níl aon dabht ach gurb é seo ceann da na poirt leictreoneacha is fearr a chualasa i mbliana. Bhunaigh Nick na fuaimeanna ar an albam ar na cuimhní atá aige ar an gcéad uair a chuala sé luathcheol leictreonach na lipéide Warp sna nóchaidí luaithe agus, ‘sea, tá lorg leithéidí Aphex Twin ar an bport seo, idir na buillí is an fonn símplí, leanbaí. Seans maith go bhfuilim faoi gheasa ag an bport seo mar go mbíonn cumha orm féin ó am go chéile i ndiaidh na ré as ar

fáisceadh é.


Slow Steve – Prince De Combat

Ón bhFrainc do Rémi Letournelle, ach chaith sé roinnt blianta i mbun taifeadta leis an ngrúpa Fenster thall i mBerlin. Le gairid, thosnaigh sé ar an dtaifeadadh aonair agus seo rogha óna chéad EP Steps, a bheidh ar fáil ar Morr Music go luath. Is breá liom fuaim na sintéiseoirí ar an amhrán seo, a chuireann ‘Warszawa’ – amhrán iontach ón albam Low a chum David Bowie le cabhair ó Brian Eno – i gcuimhne dom.


Chra – Empty Airport

Music For Airports le Brian Eno ar cheann de na halbaim aimbiacha is cáiliúla dá bhfuil ann, é lán d’fhuaimeanna croíiúla, teolaí. Tá cur chuige eile ar fad ag Christina Nemec (nó Chra) i leith an aerfoirt ar a céad albam Empty Airport. Sa chás seo, aerfort iargúlta atá tréigthe atá i gceist agus cumann sí port uaigneach cuí, múnlaithe as gluaiseachtaí malla dorcha an doird, a chuireann an t-éisteoir ar bior.


Mary Lattimore & Jeff Zweigler – I Only Have Eyes For You

Tá ceirníní ar leith á n-eisiúint ag lipéad Ghostly International atá lonnaithe in Ann Arbor agus i mBrooklyn le 15 bliain anuas. Tá cnuasach nua ceoil curtha i dtoll a chéile acu – Ghostly Swim 2 – le roghanna ó chuid de na ceoltóirí is léiritheoirí is mó go bhfuil meas acu orthu faoi láthair. Dar liomsa, ie é an iarracht shícdéalach seo buaicphointe an chnuasaigh. Mholfainn freisin dul ar thóir Slant Of Light, ardalbam a d’eisigh Mary is Jeff ar Thrill Jockey anuraidh.


Ceann ón gCartlann

Morrissey & Siouxsie – Interlude

Is iad George De La Rue agus Hal Shaper a chum an t-amhrán seo an chéad lá do Timi Yuro. Dhein sí é a thaifeadadh don scannán Interlude sa bhliain 1968. Dar le dírbheathaisnéis Mhorrissey, sheol sé liosta amhrán chuig Siousxie Sioux (ó na grupaí Siousxie & The Banshess agus The Creatures) ag fiafraí an mbeadh suim aici leagan de cheann acu a thaifead ina theannta. Seo an ceann a roghnaigh sí agus cé go ndeineadar an-jab go deo – ochón, ochón – níor chanadar riamh aon amhrán eile in éineacht toisc nár réitigh siad lena chéile ón gcéad nóiméad a chasadar ar a chéile. Eisíodh an leagan seo sa bhliain 1994 is tá leaganacha clúdaigh eile dó déanta ag Nancy Sinatra agus ag Dionne Warwick.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'