Cúigear Albanach a d’imir d’ Éirinn

Leis an gcaint uile atá déanta faoi Aiden McGeady agus James McCarthy a bheith ag imirt in aghaidh tír a ndúchais Dé hAoine, breathnaíonn Tuairisc.ie ar na himreoirí eile ón Albain a d’imir d’Éirinn.

An Aoine seo chugainn, tabharfaidh Éire aghaidh ar Albain i bPáirc na gCeilteach. Ar fhoireann Martin O’Neill, beidh beirt imreoirí a tógadh i nGlaschú, Aiden McGeady agus James McCarthy, má bhíonn sé aclaí. Ní hiad an chéad bheirt as an tír sin a bhfuil an cinneadh déanta acu geansaí glas a chaitheamh in áit ceann gorm. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chúigear imreoirí eile a rinne an cinneadh céanna.

 

Ray Houghton. ©INPHO/Billy Stickland
Ray Houghton. ©INPHO/Billy Stickland

Ray Houghton

An tAlbanach is cailiúla a d’imir d’Éirinn, chaith Houghton an geansaí glas 76 uair idir 1986 and 1997. Cé gur rugadh i nGlaschú é, tá áit bainte amach ag Houghton i stair na hÉireann tar éis dó páirt lárnach a bheith aige i bpéire de na buanna is mó riamh a bhí ag foireann sacair na tíre seo. Is é Houghton a scóráil na cúil a bhuaigh na cluichí in aghaidh Shasana i Stuttgart i 1988 agus i gcoinne na hIodáile i Giants Stadium i gCorn an Domhain, 1994.

D’imir iarimreoir Liverpool in aghaidh na tíre inar rugadh é uair amháin i 1987. Dar le Houghton, ní raibh an slua i bPáirc Hampden róthógtha leis an gcinneadh a rinne sé imirt leis na hÉireannaigh.

Is léir nár chuir siad isteach air an iomarca, áfach, mar thug Houghton lámh chúnta do Mark Lawrenson cúl na cinniúna a fháil an oíche sin.

Tommy Coyne. © Billy SticklandINPHO
Tommy Coyne. © Billy SticklandINPHO

Tommy Coyne

Thosaigh Coyne mar thosaí i dtrí cinn de ne ceithre chluiche a d’imir Éire ag Corn an Domhain i 1994, cé gur theip air scóráil.

Roghnaíodh Coyne den chéad uair in aghaidh na hEilvéise i mí an Mhárta 1992 agus níor thóg sé ach 27 nóiméad air chun a rian a fhágáil ar an gcluiche dá thír nua.

Cúpla mí tar éis Chorn an Domhain, d’aimsigh Coyne dhá cúl taobh istigh de chúig nóiméad in aghaidh Lichtinstéin sa mbua 4-0. Scóráil Coyne sé chúl i 22 chluiche san iomlán i ngeansaí na hÉireann.

Tháinig sé ar an bpáirc den uair dheireanach in aghaidh na Beilge i gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain, 1998, ach nuair a theip ar Éirinn áit a bhaint amach sa chomórtas sin, níor imir sé don fhoireann arís.

Bernie Slaven. ©INPHO/Billy Stickland
Bernie Slaven. ©INPHO/Billy Stickland

Bernie Slaven

Ceann eile d’imreoirí Jack Charlton a raibh nasc éigin aige le hAlbain. Tar éis cúpla bliain mhaith a thabhairt le foireann Middlesbrough i Sasana, thug ‘Big Jack’ leis an tosaí go dtí Corn an Domhain i 1990. Níor imir Slaven oireadh is nóiméad amháin i rith an chomórtais sin agus d’admhaigh sé blianta ina dhiaidh go raibh sé ag iarraidh go gcailleadh Éire in aghaidh na Rómáine sa chluiche cáiliúil sin le go mbeadh sé in ann dul abhaile agus a chuid madraí a fheiceáil. Is léir go raibh sé ag insint na fírinne mar dúirt Tony Cascarino ina dhírbheathaisnéis go mbíodh Slaven ag cur fóin ar na gadhair gach uair go raibh sé as baile. Níor imir Slaven d’Éirinn tar éis 1993, ach is dóigh go raibh sé sona sásta sa mbaile lena chuid peataí.

Pic5-Gallagher

Charlie Gallagher

Is é Gallagher an t-aon duine ar an liosta seo nach bhfuair a dheis le foireann na hÉireann ó Jack Charlton. Mac de bheirt Chonallach, rugadh Gallagher i nGlaschú i 1940. Thug Jock Stein chuig Celtic é i 1959 agus d’fhan sé leis na Ceiltigh ar feadh aon bhliain déag.

I 1967, thuill sé áit sa leabhair staire dó féin i gcoinne na Tuirce mar an chéad imreoir Albanach a chaith geansaí glas na hÉireann. Níos deanaí an bhliain chéanna, bhí Gallagher ina bhall d’fhoireann Celtic a bhuaigh Corn an hEorpa i 1967, cé nár imir sé sa chluiche ceannais féin.

© INPHO/Lorraine O'Sullivan
© INPHO/Lorraine O’Sullivan

Owen Coyle

Tá i bhfad níos mó cáile bainte amach ag Coyle mar bhainisteoir ná mar imreoir idirnáisiúnta agus ní haon iontas é mar níor imir sé d’Éirinn ach uair amháin, b’shin an cluiche in aghaidh na hÍsiltíre i Tilburg i 1994. Tháinig Coyle isteach mar iondaí d’fhear eile ar an liosta seo, Tommy Coyne, a scóráil cúl an bhua sa chluiche.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Cúigear Albanach a d’imir d’ Éirinn'