5 ábhar scannáin a d’inseodh ár scéal féin…

Cá bhfuil Wolf Hall na Gaeilge? B’shin í an cheist a chuir Breandán Ó Cróinín ar an suíomh seo le déanaí agus ceist mhaith í mar is fíor dó go ndeinimid dearmad go bhfuil scéalta spéisiúla, drámatúla dár gcuid féin againn. Seo 5 ábhar scannáin a bhaineann le scéal na hÉireann…

Anne-Louis_Girodet-Trioson_004

1. Ceann mioteoseolaíochta: Leis an rath a bhí ar na sé scannán le Peter Jackson faoin Domhan Láir agus an tóir dhomhanda atá ar Game of Thrones, is léir go bhfuil goile thar na bearta ar na saolta seo do shaothair ina bhfuil laochas, foréigean, brúidiúlacht, cogaíocht, grá, draíocht agus an t-osnádúr. Bhuel céard faoi Cúchulainn agus Fionn Mac Cumhaill, Táin Bó Cuailgne agus Cath Fionntrá? Nach raibh Tolkien faoi anáil mhiotaseolaíocht na Lochlannach? Ní scannán amháin a bheadh uait ach lán do dhoirn acu agus b’fhéidir scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh den chúram faoi mar a dhein Jackson. Buiséad mór groí, Peter Jackson ar an stiúir, maisiúcháin, cogaí móra, aisteoirí Éireannacha cosúil le Farrell, Fassbender agus Gleeson, táirge dátheangach agus é taifeadta sna ceantair Ghaeltachta le cabhair ón Údarás.


 

1924-kerry-team-champs_w800

2. Ceann faoi CLG: Arís eile tá an iliomad roghanna anseo agus beidh a phort féin ag gach éinne. D’admhódh gach mac máthar go bhfuil scéal suaithinseach sa ról a ghlac an chaid i gcneasú chneánna an Chogadh Cathartha i gCiarraí. Bhí an chomhlint níos nimhní agus níos binbí i gCiarraí ná go leor áiteanna eile le sléachtanna ar an dá thaobh. Bhí Con Brosnan (a raibh a mhac ina dhochtúir teaghlaigh sa Daingean ar feadh na mblianta) in arm an tSaorstáit ach chinntigh sé go mbíodh cead ag Poblachtánaigh dála John Joe Sheehy agus Joe Barrett ag imirt i gcluichí gan baol a ghabhála. Fágadh easaontas go leataobh nuair a cuireadh iall i mbróg caide. D’éirigh le Ciarraí craobh na hÉireann a bhuachan sé bhabhta díreach tar éis an Chogaidh Chathartha le himreoirí ón dá thaobh ar an bhfoireann. I 1931 ba é Joe Barrett a ainmníodh mar chaptaen ar Chiarraí ach mar chomhartha measa agus athmhuintearais, bhronn sé an onóir ar Bhrosnan, a bhí ag druidim le deireadh a laethanta imeartha. Maítear gurbh í an tréimhse sin a bhuanaigh an chaid i sícé na gCiarraíoch.


 

Famine_memorial_dublin

3. Ceann faoin nGorta Mór: Mothaím go minic nach bhfuil an scáileán beag ná mór tar éis dul i ngleic leis an nGórta Mór mar is ceart. Geábhanna fánacha anseo agus ansiúd. Bhí a mhaitheasaí féin ag baint leis an mionsraith The Hanging Gale (1995), comhghuaillíocht idir RTÉ agus an BBC agus Scéalta ó Theach na mBocht ar TG4. Táthar i mbun oibre i láthair na huaire ar táirge dar teideal Famine a dhíríonn ar chabhair a tháinig ón Tuirc i rith an Ghorta. Neosfaidh an aimsir cé chomh cumasach is a bheidh an táirge sin ach bheadh lé agam féin le saothar a bheadh níos uileghabhálaí agus níos cuimsithí. Bheadh sé inmholta, mar chuid de seo, éachtaint a thabhairt ar eispéireas na n-inimirceach, na longa báis go háirithe.


 

picture_of_dail_eireann

 

4. Ceann faoin bPolaitíocht Chomaimseartha: Ní raibh an mhionsraith faoi Charlie gan cháim agus bhí a cháineadh féin ag gach éinne. Ina dhiaidh sin féin léirigh sé an goile atá ann don táirge polaitiúil. Ba chlochmhíle é The West Wing sa tslí is gur éirigh leis scéalta tura polaitíochta a dhéanamh taitneamhach. Sin lorg amháin go bhféadfaí a leanúint agus léirigh Borgen gur féidir seo a dhéanamh ar bhuiséad réasúnta má tá na carachtair agus an scéal agat. Céard faoi cheann lonnaithe sa lá atá inniu, faoi mar a dhein an dá tháirge thuas? Taoiseach ón tsamhlaíocht, áit lárnach ag na giollaí, é searbhasach, soiniciúil, greannmhar agus ídéalach ar a sheal le carachtair mhealltacha, chigilteacha mar aon le hábhar comhaimseartha.


 

Roger-Corman-i-gConamara-On-set-A-Very-Unlucky-Leprechaun

5. Ceann Gaeltachta nó Gaeilge: Ó thaobh TG4 amháin de, bheadh sé deas go ndéanfaí drámú ar ghnéithe de stair na Gaeltachta, nó de shaothair mhóra na Gaeltachta. Tá seo déanta go cumasach cheana le Cré na Cille. Céard faoi An Béal Bocht? An tOileánach? Bunú agus feachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta? Bhí clár faisnéise iontach ansin le déanaí faoi Roger Corman agus tréimhse a chomhlachta i gConamara. Nach deas, agus nach greannmhar an léiriú a thabharfadh sin ar Ghaeltacht na linne? Céard faoi bhás Sheáinín Uí Chearnaigh i 1946 agus an bhaint a bhí aige le tréigean an Bhlascaoid ina dhiaidh sin? Céard faoi shaothar bunaithe ar Choláiste Samhraidh, ábhar go bhéadfadh an-chuid daoine taobh amuigh den Ghaeltacht ionnanú leis?


 

Fág freagra ar '5 ábhar scannáin a d’inseodh ár scéal féin…'

  • Colin Ryan

    Ní gá cloí le hÉirinn amháin sna cúrsaí seo. Chuaigh na mílte cainteoir Gaeilge go dtí Meiriceá agus go dtí an Astráil agus níor dheacair scéalta a tharraingt anuas a mbeadh ábhar scannáin iontu: tóraíocht an óir, an chogaíocht, eachtraí go leor. Scéalta ban agus fear.