5.3 milliún focal i gcorpas nua-aimseartha ar Gaois.ie

Is éard atá i gceist leis an gCorpas ná bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge a foilsíodh ó thús an chéid seo i leith

Gaois.ie

Tá fáil anois ar Chorpas na Gaeilge Nua-Aimseartha ar an suíomh Gaois.ie.

Tiomsaíodh an corpas nua i Fiontar, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is féidir teacht air saor in aisce ar an suíomh anois.

Tá 5.3 milliún focal sa Chorpas nua ar féidir cuardach simplí agus cuardach leathan a dhéanamh ar na focail sin, ar fhrásaí agus ar abairtí iomlána, agus is féidir na torthaí a fhaightear a scagadh de réir na mbailiúchán.

Is éard atá i gceist leis an gCorpas ná bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge a foilsíodh ó thús an chéid seo i leith. Tá ábhar ó shuíomhanna atá beo faoi láthair, leithéidí Tuairisc.ie, Nós.ie agus Nuacht RTÉ, agus ó shuíomhanna nach ann dóibh níos mó níos mó, leithéidí Beo! Tá samplaí ó chartlanna na bhfoilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht agus Cois Life ar fáil sa chorpas freisin chomh maith le samplaí ó fhoilseacháin, leithéidí Comhar agus Seachtain.

Tá sé i gceist ag Fiontar cur le hábhar agus le feidhmiúlacht an chorpais de réir a chéile agus súil acu cloisteáil “ó shealbhóirí cóipchirt eile a bhfuil ábhar digiteach Gaeilge acu atá ag teacht le scóip an chorpais”.

Tá foireann Fiontar ag úsáid an chorpais le tamall anuas mar acmhainn inmheánach téarmeolaíochta, ach tá teacht anois air ag an bpobal ar fad.

Fág freagra ar '5.3 milliún focal i gcorpas nua-aimseartha ar Gaois.ie'