4,799 cás nua den víreas fógartha, ardú ar líon na n-othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

4,799 cás nua den víreas fógartha, ardú ar líon na n-othar sna hospidéil

4,799 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

467 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 31 duine níos mó ná mar a bhí ansin inné. Tá 104 díobhsan in aonad dianchúraim, duine amháin níos lú ná mar a bhí inné.

Dúirt an Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, gur tháinig ardú mór ar líon na ndaoine óga a fuair an víreas an tseachtain seo caite. Dúirt sé go raibh toradh dearfach faighte ag duine as gach ceathrar san aoisghrúpa 16-34 a fuair tástáil PCR an tseachtain seo caite. B’in ceann de na rátaí is airde ó thús na paindéime, dar leis.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,148 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

276 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Táthar den tuairim go mbeifear ag tuairisciú an líon is mó cásanna fós den chineál Omicron den Covid-19, a deir an Tánaiste Leo Varadkar.

Dúirt sé go raibh súil aige nach mbeadh daoine “scanraithe” nuair a d’fheicfidís a líonmhaire is a bhí na cásanna.

Dúirt an Tánaiste ar Morning Ireland ar RTÉ go meastar nach mbeadh an oiread céanna daoine á gcur san ospidéal ná ag fáil bháis de dheasca an víris is a bhí le linn na maidhmeanna eile.

“Beidh líon an-ard cásanna againn agus tá súil agam nach mbeidh daoine scanraithe rómhór nuair a fheiceann siad é sin mar is éasca go mór a scaipeann an cineál seo den víreas agus beidh líon an-ard cásanna againn dá bharr,” arsa an Tánaiste.

Dúirt sé nach raibh sé i gceist srianta níos déine a thabhairt isteach ach nach bhféadfaí é sin a chur as an áireamh ar fad.

Dúirt sé go bhfágfadh an clár teanndáileoige agus na beartais sláinte phoiblí eile go n-éireodh linn “teacht slán as an maidhm Omicron”.

Fág freagra ar '4,799 cás nua den víreas fógartha, ardú ar líon na n-othar sna hospidéil'