4,620 cás nua fógartha, ‘Omicron’ atá tugtha ar chineál nua den víreas ar ‘údar imní’ é

Tá líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil tite don cheathrú lá as a chéile

4,620 cás nua fógartha, ‘Omicron’ atá tugtha ar chineál nua den víreas ar ‘údar imní’ é

4,620 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

571 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 28 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 118 díobhsan in aonad dianchúraim, ochtar níos lú ná mar a bhí i gceist inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,004 cás nua a fógraíodh.

370 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 33 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Idir an dá linn, ‘Omicron’ atá tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar an gcineál nua den víreas atá á lua le hardú tapa ar líon na gcásanna san Afraic Theas.

Deir an WHO gur ‘cineál é a bhfuil imní faoi’.

Tá roinnt tíortha san Eoraip tar éis cosc a fhógairt ar eitiltí ón Afraic Theas agus tíortha eile i ndeisceart na hAfraice. Rinneadh amhlaidh de bharr imní faoin gcineál nua den choróinvíreas, an B.1.1.529 [Omicron] a deimhníodh san Afraic Theas, i bPoblacht na Botsuáine agus in Hong Cong.

Deimhníodh inniu freisin gur thángthas ar an gcéad chás den B.1.1.529 sa mBeilg agus nach raibh aon vacsaín faighte ag an té a tholg é ansin.

Tá sé á mholadh go gcuirfeadh ballstáit an Aontais Eorpaigh gach eitilt chun na hAfraice Theas agus uaithi ar fionraí go fóill dá bharr. Dúirt Ursula von der Leyen inniu gur chóir sin a dhéanamh “go dtí go mbeadh tuiscint cheart againn ar an dainséar atá leis an gcineál nua seo den choróinvíreas”.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte inniu go bhféadfadh sé cúpla seachtain a thógáil orthu an cineál seo a thuiscint agus dúirt nár chóir srianta taistil breise a chur i bhfeidhm go tobann.

“Molaimid do thíortha cur chuige eolaíoch bunaithe ar an riosca a ghlacadh maidir le srianta taistil agus molaimid gan srianta taistil nua a chur i bhfeidhm,” a dúirt urlabhraí an WHO, Christian Lindmeier.

Níl aon eitiltí díreacha idir an tír seo agus an Afraic Theas ach dúirt an Tánaiste Leo Varadkar inniu go raibh cruinniú ag an Aire Sláinte, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Iompair leis an scéal a phlé agus go bhfógrófaí aon chinneadh a dhéanfaí gan mhoill.

Agus imní mhór faoi scaipeadh rábach an Covid-19 sa tír, d’fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu go n-osclófaí ionad tástála nua siúil isteach i nDroichead Átha an deireadh seachtaine seo ag Páirc Thionsclaíoch Dhún Uabhair. I nDroichead Átha atá an ráta is airde sa tír den víreas.

Beidh an t-ionad tástála seo ar oscailt ón 10am-6pm ar an Satharn agus an Domhnach beag seo. Caithfidh duine coinne a chur in áirithe ar líne roimh ré.

Fág freagra ar '4,620 cás nua fógartha, ‘Omicron’ atá tugtha ar chineál nua den víreas ar ‘údar imní’ é'