£460,000 curtha ar fáil d’ionad nua Raidió Fáilte ‘Líonra Uladh’

Is é an costas iomlán a bheidh ar an ionad ná tuairim is £1.7 milliún. Tá £950,000 curtha ar fáil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus £375,000 eile curtha ar fáil ag Ciste Infheistíochta na Gaeilge cheana féin.

raidio failte

Tá lucht bainistíochta Raidió Fáilte “an-sásta” go beidh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ag cur £460,000 ar fáil don stáisiún chun an ionad nua atá beartaithe acu a thógáil.

Is é an costas iomlán a bheidh ar an ionad ná tuairim is £1.7 milliún.  Tá £950,000 curtha ar fáil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus £375,000 eile curtha ar fáil ag Ciste Infheistíochta na Gaeilge cheana féin.

Tá iarratas Raidió Fáilte ag dul faoi bhráid na n-údarás pleanála faoi láthair ach tá súil ag Fergus Ó hÍr, bainisteoir Raidió Fáilte, go gcuirfear tús leis an obair thógála i mbliana agus go mbeidh ‘Líonra Uladh’ réidh le hoscailt an bhliain seo chugainn.

Ionad craolacháin, taifeadta, oiliúna agus cartlainne a bheidh i Líonra Uladh, agus é le tógáil ar Bhóthar na bhFál i ‘Ceathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste.

Taobh istigh beidh stiúideonna craolacháin do Raidió Fáilte, a d’fhág Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich tamall de bhlianta ó shin agus a shocraigh áit dá chuid féin a thógáil sa chathair, chomh maith le stiúideonna oiliúna do na céadta craoltóirí deonacha a bhíonn ag obair ar an stáisiún. Beidh stiúideo eile san ionad a bheidh ar fáil do ghrúpaí ar mhaith leo taifead a dhéanamh ar cheol nó ar thograí eile freisin.

Tá Raidió Fáilte deich mbliana ar an bhfód i mbliana agus tá an t-ábhar a craoladh i gcaitheamh na mblianta sin le bailiú agus le cur in ord agus in eagar i gcartlann nua a bheidh i Líonra Uladh.

“Táimid an-sásta go mbeidh an áit úr seo againn agus go bhfuil an maoiniú tugtha ag na dreamanna éagsúla dúinn. Beidh muid ar bhun Bhóthar na bhFál agus is é an chéad áit a fheicfidh tú agus tú ag teacht ó lár na cathrach nó ag amharc ón mótharbhealach.

“Tá daoine an-sásta go bhfuil an rud ag teacht. Is stáisiún pobail muid ag is daoine deonacha den chuid is mó a bhíonn ag obair anseo. Beidh deis ag daoine a theacht isteach agus cupán caifé a fháil, éisteacht leis an gcartlann, úsáid a bhaint as an spás poiblí nó traenáil raidió a fháil,” a dúirt Fergus Ó hÍr le Tuairisc.ie.

Tá fáilte curtha ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín roimh na pleanna don ionad nua.

“Nuair a bheidh sé críochnaithe, cuideoidh an t-ionad úr seo go mór le Raidió Fáilte áis Ghaeilge a bhunú agus a fhorbairt níos mó, rud a fheidhmeoidh mar lárionad cultúrtha don phobal áitiúil uilig agus cuirfidh sé tús le hathnuachan an cheantair máguaird.

““Tá níos mó daoine ag foghlaim Gaeilge agus á húsáid ar bhonn laethúil ar fud na hÉireann agus níl áit ar bith a bhfuil sé sin níos feiceálaí ná i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. Nuair a bheas an t-ionad úr ag Raidió Fáilte cuideoidh sé leis an eagraíocht glúin úr Gaeilgeoirí a spreagadh agus a chumasú lena saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge i ndáiríre,” a dúirt an tAire Ní Chuilín.

Fág freagra ar '£460,000 curtha ar fáil d’ionad nua Raidió Fáilte ‘Líonra Uladh’'

  • Concubhar

    Níl aon ghá na h-uas chamóga a chur thart ar Ceathrú Gaeltachta….sin atá ann. Tréaslaím an deascéal seo le Raidió Fáilte….faigheann foighid agus dea-obair faoiseamh.