46 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, breis is 600 cás nua sa Ghaillimh 

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, gur dócha go mbeidh na figiúirí báis chomh hard céanna ar feadh tamaill eile agus d’impigh sé ar gach duine fanacht ag baile

46 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, breis is 600 cás nua sa Ghaillimh 

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil beagnach leathchéad duine eile básaithe de dheasca an Covid-19.

Deimhníodh go raibh 46 duine eile tar éis bháis mar thoradh ar an víreas, an líon is mó a fógraíodh in aon lá amháin ó mhí Aibreáin 2020.

Bhain 44 de na básanna le mí Eanáir agus bhain dhá cheann acu le mí na Nollag.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, gur toradh a bhí san ardú a tháinig ar líon na marbh ar an ardú as cuimse a tháinig ar líon na gcásanna den Covid-19 le tamall anuas.

Dúirt sé gur dócha go mbeadh na figiúirí báis chomh hard céanna ar feadh tamaill eile agus d’impigh sé ar gach duine fanacht ag baile.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte chomh maith go raibh 3,086 cás nua den víreas ann. Bhain 604 de na cásanna sin le Gaillimh, níos mó ná aon chontae eile sa stát.

Tá 1,692 duine a bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu sna hospidéil agus tá 158 acusan in aonad dianchúraim.

“Duine amháin as gach triúr othar a cuireadh sna hospidéil nó sna haonaid dianchúraim mí Eanáir, bhíodar faoi 65 bliain,” a dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis

“Léiríonn sin go soiléir go mbuaileann Covid-19 gach duine againn, beag beann ar aois agus fiú mura bhfuil tinneas ainsealach eile ort,” arsa an Dr Glynn.

466 cás nua den Covid-19 a bhí i Maigh Eo, 187 cás nua a bhí i gCorcaigh, 128 cás a bhí i bPort Láirge agus 103 cás nua a bhí i gcontae na Mí.

Bhain 81 cás le Dún na nGall agus 53 cás a bhí i gCiarraí.

574 den 3,086 cás nua inniu a bhain le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair imithe suas go dtí 1,410.3 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát. 

Ráta 1,747.3 atá i bPort Láirge, 1,605.3 atá i Maigh Eo agus 1490.7 atá i nDún na nGall. 1,451 atá i gCorcaigh, 1,198.2 atá i gcontae na Mí agus 1,088 atá i gCiarraí.

Chuaigh an ráta scaipthe i nGaillimh suas ó 815.7 inné go dtí 1,033.9 inniu.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,205 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh 22 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

751 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 55 díobhsan atá in aonaid dianchúraim.

3,895 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,397 duine ó dheas den teorainn agus 1,498 duine ó thuaidh di.

246,255 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 155,591 cás ó dheas agus 90,664 ó thuaidh.

Fág freagra ar '46 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, breis is 600 cás nua sa Ghaillimh '