452 cás nua ó dheas, an líon is mó cásanna ó thuaidh ó mhí Feabhra

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh 375 cás nua den ghalar deimhnithe

452 cás nua ó dheas, an líon is mó cásanna ó thuaidh ó mhí Feabhra

452 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

44 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 14 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dochtúir Tony Holohan le páirtithe an fhreasúra inniu nár chuir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) na hathruithe a cheadaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) ar an gclár vacsaínithe ar an Luan sa gcomhaireamh agus iad ag tuar iarmhairtí chineál Delta den choróinvíreas.

Dúirt an Dr Holohan mura mbeadh na teastais vacsaínithe atá molta ann go bhféadfadh na seirbhísí bia agus dí faoi dhíon a bheith dúnta go mbeadh mí Mheán Fómhair caite. Dúirt sé nár chóir go dtógfadh sé mórán ama chun córas na dteastas vacsaínithe a thabhairt isteach ó tharla go raibh go leor den obair déanta cheana ar Theastas  Digiteach Covid an AE.

Mhol NPHET don Rialtas gur chóir moill a chur ar athoscailt seirbhísí fáilteachais faoi dhíon agus thug sé rabhadh láidir go bhfaigheadh go leor daoine bás agus go mbeadh go leor eile in ospidéil de bharr a thógálaí agus atá an Delta mura ndéanfaí beart.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu go raibh contúirtí ag baint le cineál an Delta agus gurb é an cinneadh ceart athoscailt na seirbhísí bia agus dí faoi dhíon a chur ar athlá go fóillín.

Dúirt sé go raibh dóchas ann go raibh an nasc idir cásanna den ghalar agus daoine a bheith á gcur san ospidéal á bhriseadh ach nach rabhthas cinnte faoi sin go fóill mar nach féidir a bheag a dhéanamh den Covid-19.

Bhí cruinniú ag Cumann Bhialanna na hÉireann leis an Taoiseach inniu agus bhíothas sásta go raibh an Rialtas ag plé cúrsaí leis an earnáil. Tá grúpa oibre de lucht na mbialann agus an Rialtas le bunú roimh an Luan chun “réiteach inoibrithe” a fháil ar an scéal.

“Ní theastaíonn uainn scoilt a dhéanamh sa tsochaí. Teastaíonn uainn daoine a chosaint,” a dúirt an Taoiseach.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 375 cás nua den ghalar deimhnithe, an líon is mó a fógraíodh in aon lá amháin ó lár mhí Feabhra.

Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

20 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i gceithre cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,164,792 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 862,932.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,155 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Fág freagra ar '452 cás nua ó dheas, an líon is mó cásanna ó thuaidh ó mhí Feabhra'

  • Maitiú Ó Murchú

    Is ionann ‘ó dheas’ agus tearmaíocht ag Aondachtóirí.