45 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 575 cás nua deimhnithe

Bhain 38 de chásanna an lae inniu le Gaillimh agus tá an ceathrú ráta coicíse is airde sa stát sa chontae

45 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 575 cás nua deimhnithe

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 45 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. 

575 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

693 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 150 acusan in ICU.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 219,899 duine agus an dara dáileog faighte ag 130,423 duine.

38 de chásanna nua Covid-19 an lae inniu a bhain le Gaillimh, 23 cás a bhain le contae na Mí, 23 cás a bhain le Corcaigh agus 20 cás a bhain le Port Láirge.

Bhí 15 cás i Maigh Eo, 15 cás freisin a bhí i nDún na nGall agus bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí.

D’ardaigh an meánráta coicíse sa stát beagáinín ó 240 go dtí 240.4 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ceathrú ráta is airde sa stát i nGaillimh (331). Is i gCiarraí atá an ráta is ísle sa stát (45) agus tá an dara ráta is ísle i gCorcaigh (92).

Ráta 263 atá i bPort Láirge, 255 atá i Maigh Eo, 243 atá i gcontae na Mí agus 161 atá i nDún na nGall.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil cúigear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. 

Deimhníodh 225 cás nua den ghalar ansin tráthnóna. 340 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 39 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Tá 499,206 dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine go dtí seo sa Tuaisceart. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 468,100 duine agus na dara ceann faighte ag 31,106.

6,222 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,041 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,181 duine ó dheas di.

327,691 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 216,300 cás ó dheas den teorainn agus 111,391 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '45 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 575 cás nua deimhnithe'