45 cás nua den Covid-19 deimhnithe, bás ar bith le fógairt don chúigiú lá as a chéile

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuiltear ag súil le fógra oifigiúil nach mbeidh cead oscailte ag tithe tábhairne Dé Luain seo chugainn mar a bhí beartaithe

45 cás nua den Covid-19 deimhnithe, bás ar bith le fógairt don chúigiú lá as a chéile

45 cás nua den Covid-19 a fógraíodh tráthnóna.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuiltear ag súil le fógra oifigiúil nach mbeidh cead oscailte ag tithe tábhairne Dé Luain seo chugainn mar a bhí beartaithe.

Don chúigiú lá as a chéile ní raibh bás ar bith de dheasca an ghalair le fógairt ag an Roinn Sláinte.

Bhain 33 den 45 cás nua le Cill Dara agus bhain seacht gcinn acu le Baile Átha Cliath. Bhain ana cúig chás eile le ceithre chontae éagsúla.

Deimhníodh gur bhain 31 cás le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Deimhníodh gur bhain ceithre cinn de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 77% de na daoine a bhí i gceist faoi bhun 45 bliain d’aois.

13 othar atá buailte ag Covid-19 atá sna hospidéil agus tá cúigear acusan in aonaid dianchúraim.

Ocht gcás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu.

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

32,249 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,253 cás ó dheas agus 5,996 cás ó thuaidh.

Maidir leis na figiúirí is déanaí do na contaetha, faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite bhí cás nua amháin den ghalar i gCiarraí (318), bhí cás nua amháin i gcontae na Mí agus thángthas ar dhá chás eile den ghalar i gCorcaigh (1,569).

Ní raibh aon athrú ar líon na gcásanna i nDún na nGall (476), i nGaillimh (498), i Maigh Eo (583) ná i bPort Láirge (166).

Tá NPHET ag iarraidh ar dhaoine cloí le sé phíosa comhairle:

  • Scaradh sóisialta a chleachtadh agus fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile
  • Casadh le daoine amuigh faoin aer chomh fada agus is féidir
  • Gan fanacht rófhada i gcomhluadar daoine
  • Na lámha a ní go maith agus go minic
  • Clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí
  • Aip rianaithe Covid-19 a íoslódáil

Fág freagra ar '45 cás nua den Covid-19 deimhnithe, bás ar bith le fógairt don chúigiú lá as a chéile'