Tá 44 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.
Fógraíodh 62 bás ar fad in Éirinn inniu.
Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh 18 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil an Tuaiscirt.
706 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo de thoradh na paindéime, 530 duine ó dheas den teorainn agus 176 duine ó thuaidh di.
709 cás nua den ghalar a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 16, 318 cás anois in Éirinn, 13,980 ó dheas agus 2,338 ó thuaidh.
San oirthear a bhí 33 de na daoine is déanaí a bhásaigh ó dheas, bhí triúr san iarthuaisceart, triúr sa deisceart na tíre agus in iarthar na tíre a bhí an cúigear eile.
19 ban agus 25 fear a bhí i gceist agus an aois mheánach a bhí acu ná 84.
Bhí fadhbanna sláinte eile ag 25 acu.
Maidir leis an 530 bás ó dheas go dtí seo, 83 bliain d’aois an aois mheánach a bhí acu. 308 fear agus 222 bean a bhí i gceist. Bhí an duine is óige a bhásaigh 23 bliain d’aois agus bhí an duine is sine 105 bliain d’aois.
Fógraíodh chomh maith tráthnóna go bhfuil sé i gceist 100,000 tástáil don ghalar a dhéanamh in aghaidh na seachtaine ar feadh sé mhí ar a laghad agus tabharfar tús áite as seo go ceann deich lá do thástáil a chur ar gach duine atá ina gcónaí nó ag obair in ionaid fhadchónaithe.
D’fhéadfadh líon na marbh sa Tuaisceart a bheith i bhfad níos airde ná mar atá á thuairisciú.
De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach inniu d’fhéadfadh líon na mbásanna a bheith aon trian níos airde ná mar atá á thuairisciú.
D’fhéadfadh 39 bás níos mó ná mar a tuairiscíodh a bheith ann de réir fhigiúirí Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra), a bhfuil briseadh síos ar líon na mbásanna de bharr Covid-19 foilsithe den chéad uair acu.
157 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 10 Aibreán, 109 bás san ospidéal, 41 bás in ionaid chúraim agus seacht mbás ag baile.
118 bás a thuairiscigh an Gníomhaireacht Sláinte Phoiblí don tréimhse chéanna. Ach oiread leis an mBreatain, básanna san ospidéal amháin a chuireann na húdaráis sláinte ó thuaidh san áireamh.
Dúirt LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill gur léiriú níos cruinne staitisticí nua Nisra ar “scála na paindéime sa phobal”.
Dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu gur bhásaigh aon duine dhéag in aon teach altranais amháin i mBaile Átha Cliath le coicís anuas.
Bhí toradh dearfach ar an tástáil do Covid-19 a bhí faighte ag deichniúr de na daoine a bhásaigh in Ospidéal Naomh Muire i bPáirc an Fhionnuisce agus meastar go raibh Covid-19 ar an duine eile a bhásaigh le linn na tréimhse céanna ón 2 Aibreán i leith.
Tá áit do nach mór 200 duine san ionad cónaithe ina ndéantar cúram do dhaoine atá amach sna blianta.
Is é cás Ospidéal Naomh Muire an léiriú is déanaí ar chruachás na n-ionad cónaithe agus cúraim a bhfuil “géarchéim náisiúnta” tugtha air.
Dúirt Ollamh Emeritus de chuid Rannóg na Sláinte Poiblí agus na hEipidéimeolaíochta i gColáiste Ríoga na Lianna, Ruairí Brugha, gur chóir gur áiteanna cluthar sábháilte a bheadh i dtithe altranais ach gurb amhlaidh gur “neadacha ionfhabhtuithe” iad.
Dúirt an tOllamh Brugha ar Morning Ireland gur scéal “duairc tragóideach” a bhí i scéal na n-ionad cónaithe.
355 ionad cúraim sa Stát atá buailte ag an gcoróinvíreas, agus tithe altranais is ea 196 acusan.
Ionaid phríobháideacha a bhí i 186 den 355 ionad agus bhain 112 acu leis an HSE. Ionaid chúraim eile a fhaigheann a maoiniú go léir nó cuid de ón Stát a bhí i 28 ionad eile. Ionaid de chineál eile a bhí i naoi gcinn.
San oirthear a bhí an chuid is mó de na hionaid a buaileadh ach bhí neart acu sa Ghaillimh agus i Maigh Eo chomh maith. 16 ionad a buaileadh sa Ghaillimh agus 14 a buaileadh i Maigh Eo.
De réir na bhfigiúirí is déanaí, den 487 bás a tuairiscíodh ó dheas ó thús na ráige Covid-19, bhain 302 acu, nó 62%, le daoine a bhí i dtithe altranais nó ionaid chúraim eile. 253 acu a bhain le tithe altranais, nó 55%.
Agus an HSE ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim sna hionaid chúraim, táthar le hoibrithe sláinte a aistriú go dtí áiteanna a bhfuil gá leo, táthar le tástáil don ghalar a chur ar gach duine atá ina gcónaí sna hionaid agus cuirfear PPE agus trealamh breise eile ar fáil.
Idir an dá linn, d’fhéadfadh líon na marbh sa Tuaisceart a bheith i bhfad níos airde ná mar atá á thuairisciú.
Fág freagra ar '44 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, os cionn 700 bás deimhnithe in Éirinn'