436 cás nua den víreas fógartha, ochtar básaithe le coicís anuas

Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go raibh titim shuntasach tagtha le cúpla seachtain anuas ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair

436 cás nua den víreas fógartha, ochtar básaithe le coicís anuas

Tá 436 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

101 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 39 acusan in aonad dianchúraim.

Níl raibh aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE an mhí seo.

Níos luaithe inniu, dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, gur thart ar ochtar a raibh an galar orthu a bhásaigh le coicís anuas. Dúirt sé go raibh titim shuntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 84 cás nua a deimhníodh.

27 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,034,143 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 639,883.

Ar a laghad 7,089 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca an Covid-19, 2,152 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

381,588  cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 259,156 cás ó dheas den teorainn agus 122,432 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '436 cás nua den víreas fógartha, ochtar básaithe le coicís anuas'