434 cás nua den víreas deimhnithe, rabhadh tugtha faoi úsáid tástálacha antaigine ollmhargaí 

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe ansin de dheasca an víris

434 cás nua den víreas deimhnithe, rabhadh tugtha faoi úsáid tástálacha antaigine ollmhargaí 

Tá ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 434 cás nua den ghalar a deimhníodh.

126 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 34 díobhsan in aonad dianchúraim.

Idir 0-2% atá ráta fáis an ghalair anois, a deir an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis. 1 nó ‘thart ar a haon’ atá ráta atáirgthe an ghalair.

“Ar éigean atá aon lorg den víreas i dtithe altranais níos mó,” a deir an Dr Glynn.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,233,067 duine agus an dara dáileog faighte ag 467,471 duine.

Bhain 44 de na cásanna nua a fógraíodh inniu le Corcaigh, 20 cás a bhí i gcontae na Mí, 19 cás a bhí i nDún na nGall agus ocht gcás a bhí i nGaillimh.

Bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí agus b’amhlaidh an scéal i Maigh Eo agus i bPort Láirge. 

Meánráta 130 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Tá an ráta i nDún na nGall tite arís go dtí 268 ach is ann atá an ráta is airde sa stát go fóill. Ráta 153 a bhí i gcontae na Mí, ráta atá níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 85 a bhí i nGaillimh, 84 a bhí i gCorcaigh agus 71 a bhí i bPort Láirge. Ráta 43 a bhí i Maigh Eo agus 15 a bhí i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe ansin de dheasca an víris. 65 cás nua a deimhníodh.

62 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seisear acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 963,315 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 473,502.

7,065 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,147 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,918 duine ó dheas di.

372,671 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 251,904 cás ó dheas den teorainn agus 120,767 cás ó thuaidh di.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, tráthnóna, nár chóir do dhaoine úsáid a bhaint as tástálacha antaigine atá ar díol in ollmhargaí. “Ná ceannaígí iad agus ná húsáidigí iad,” ar sé.

Dúirt sé gur údar imní é go mbeadh daoine “ag dul isteach san ollmhargadh, ag ceannach punt ispíní, gualach don bheárbaiciú agus tástáil antaigine”. Deir an Dr Holohan go bhfuil “an-chontúirt” ag baint le tástálacha antaigine mura mbaintear úsáid mar is cóir astu.

Dúirt an Dr Holohan chomh maith tráthnóna go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeidh úinéirí gnóthaí, fostaithe agus custaiméirí fíorchúramach. Dúirt sé gur chóir na prótacail sláinte agus na cleachtais san ionad oibre a athbhreithniú ionas go bhféadfaidh gach duine “gach ar féidir leo a dhéanamh le muid féin agus ár muintir a chosaint”.

“Ná fill ar an ionad oibre mura bhfuil sin riachtanach. Caith an masc i gcónaí, lean ar aghaidh leis an scaradh sóisialta, nigh na lámha agus déan aon chasacht go sábháilte. Má airíonn tú nach bhfuil tú sábháilte in áit atá plódaithe ná bíodh aon leisce ort iompú ar do sháil agus dul abhaile.   

“Más úinéir gnó nó fostóir thú, ná déan dearmad go bhfuil dualgas cúraim ortsa i leith na ndaoine atá ag obair duit. Má athosclaítear gnóthaí go stuama laghdóidh sin an baol go scaipfeadh an Covid-19 i measc na foirne san ionad oibre agus cinnteoidh sé go mbeidh deis againn ar fad taitneamh a bhaint as na himeachtaí nua sóisialta agus eacnamaíochta a bheidh ar fáil dúinn ón 10 Bealtaine.” 

Fág freagra ar '434 cás nua den víreas deimhnithe, rabhadh tugtha faoi úsáid tástálacha antaigine ollmhargaí '