429 cás nua fógartha inniu agus ‘díomá’ agus ‘imní’ ar NPHET

I dTuaisceart Éireann, tá sé ráite ag an Aire Sláinte Robin Swann go mb’fhéidir go gcaithfí an maolú a bhí le déanamh ar na srianta an mhí seo a chur ar athlá

429 cás nua fógartha inniu agus ‘díomá’ agus ‘imní’ ar NPHET

Tá 429 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Ceathrar eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

76 duine a fuair bás de dheasca an ghalair go dtí seo mí na Samhna.

Bhain 44 den 429 cás nua inniu le Corcaigh, 26 cás a bhí i nDún na nGall, 20 cás a bhí i gcontae na Mí.

Ocht gcás a bhí i Maigh Eo, seacht gcás a bhí i bPort Láirge agus bhí níos lú ná cúig chás i nGaillimh agus i gCiarraí.

173 cás nua a deimhníodh i mBaile Átha Cliath.

Deir NPHET gur údar “díomá” agus “imní” iad na figiúirí le seachtain anuas.

“Ní hé go bhfuil líon na gcásanna ag ardú ach níl líon na gcásanna ag laghdú,” a deir an Dr Philip Nolan, Cathaoirleach NPHET.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan gurb é líon na ndaoine atá ag bualadh le chéile go sóisialta an fáth nach bhfuil na huimhreacha ag ísliú le seachtain.

Tá ardú tagtha ar ráta atáirgthe an Covid-19 atá imithe ó 0.6 seachtain ó shin go dtí idir 0.7-0.9.

Táthar ag iarraidh go mbeadh an uimhir ‘R’ ag 0.5 nó níos lú roimh dheireadh na míosa chun gur féidir tosú ar na srianta dianghlasála a mhaolú.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát anois ag 117 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall go fóill ach thit sé ó 296 inné go dtí 265 inniu. Tá an ráta i bPort Láirge anois ag 155 agus ráta 127 atá i gceist i gcontae na Mí.

Tá an ráta i Maigh Eo tite go dtí 104, 87 atá i gCiarraí, 81 atá i gCorcaigh agus 71 atá i nGaillimh.

290 duine atá buailte ag an gcoróinvíreas atá sna hospidéil agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh ráigeanna den Covid-19 i seacht n-ospidéal sa tír.

Is iad sin na hOspidéil Ollscoile i Leitir Ceanainn, i Luimneach agus i dTamhlacht; Ospidéal San Séamus, Ospidéal Beaumont agus Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath agus Ospidéal Bhantiarna Lourdes i nDroichead Átha.

Sna seacht n-ospidéal sin atá 65% de na daoine ar fad sa tír atá buailte ag an gcoróinvíreas agus a bhfuil cóir ospidéil ag teastáil uathu.

Tá 26 duine as an bpobal agus 96 oibrí sláinte ag féinleithlisiú faoi láthair in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Paul Reid gurbh éigean 384 duine den 5,700 ar fad a tholg an coróinvíreas idir an 3-16 Samhain a chur in ospidéal.

Dúirt Anne O’Connor, Príomhoifigeach Oibríochtaí leis an HSE, go raibh an líon daoine a bhíonn ag freastal ar ospidéil ag ardú – bhí breis is 5% d’ardú ar an líon sin an tseachtain seo caite.

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Dúirt sí go raibh 105 ráig in ionaid altranais faoi láthair agus cé go raibh an chuid is mó díobh sin faoi smacht, go raibh imní faoi 10 gcinn de na ráigeanna.

D’fhógair Simon Harris, an tAire Ardoideachais inniu go n-íocfaí íocaíocht aon uaire €250 le 200,000 mac léinn tríú leibhéal roimh an Nollaig. Aitheantas atá anseo do na deacrachtaí móra atá acu de bharr na paindéime.

Aon mhac léinn atá i dteideal deontas tacaíochta ó SUSI, cuirfear €250 breise leis an deontas sin. Mic léinn nach bhfaigheann an deontas sin, féadfaidh siad an €250 a bhaint de na táillí nó nóta creidmheasa a fháil ón institiúid tríú leibhéal.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh deichniúr acu.

Deimhníodh 487 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

456 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 41 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Bhí 100% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 166 ionad cúraim sa Tuaisceart.

Tá sé ráite ag Robin Swann, Aire Sláinte Thuaisceart Éireann go mb’fhéidir go gcaithfí an maolú a bhí le déanamh ar an srianta an mhí seo a chur ar athló. Dúirt sé go raibh an baol ann go gcaithfí tuilleadh srianta a chur i bhfeidhm ionas nach mbeadh an iomarca brú ar na hospidéil.

Beidh roinnt gnóthaí ag athoscailt ó thuaidh, caiféanna agus gruagairí mar shampla. Beidh cead ag tithe ósta agus bialanna athoscailt Dé hAoine seo chugainn

Tá Robin chun moltaí maidir le srianta breise a chur faoi bhráid an Fheidhmeannais inniu agus iad ag cruinniú chun an ghéarchéim sláinte a phlé.

Bhí aighneas eatarthu an tseachtain seo caite faoi shíneadh a chur leis an srianta. D’éiligh an DUP go mbeadh cead ag an earnáil fáilteachais oscailt de réir a chéile ach meastar go bhfuil athrú intinne orthu agus go mbeidís sásta géilleadh do chomhairle lucht sláinte phoiblí. Dúirt Jeffrey Donaldson nach bhféadfadh a pháirtí “neamhaird a dhéanamh de” dá gcruthófaí go raibh an ráta ionfhabhtaithe ag ardú arís.

2,911 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,010 duine ó dheas den teorainn agus 901 duine ó thuaidh di.

117,774 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 69,058 cás ó dheas agus 48,716 ó thuaidh.

Fág freagra ar '429 cás nua fógartha inniu agus ‘díomá’ agus ‘imní’ ar NPHET'