427 dalta le tabhairt faoi scrúdú scríofa Gaeilge na hArdteiste, ach ní thabharfar aon mharc dóibh as a gcumas labhartha

Tá an Ghaeilge ar an gcúigiú scrúdú is mó tóir i measc daltaí atá ag tabhairt faoi na scrúduithe traidisiúnta Ardteiste faoi láthair

427 dalta le tabhairt faoi scrúdú scríofa Gaeilge na hArdteiste, ach ní thabharfar aon mharc dóibh as a gcumas labhartha

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

427 duine a thabharfaidh faoi scrúdú scríofa Gaeilge na hArdteiste an Satharn beag seo.
Tá an Ghaeilge ar an gcúigiú scrúdú is mó tóir i measc daltaí atá ag tabhairt faoi na scrúduithe traidisiúnta Ardteiste faoi láthair.

Ní bheidh aon scrúdú cainte i gceist sa scrúdú Gaeilge, ná ní bhronnfar lánmharcanna don scrúdú cainte ar na daltaí, rud a bhí socraithe sular cuireadh an Ardteist thraidisiúnta ar ceal níos túisce i mbliana.

Meastar gur míbhuntáiste é do dhaltaí Gaeltachta agus daltaí eile atá líofa sa teanga nach mbeidh marcanna á mbronnadh ach don obair scríofa.

Ach deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit nach mbeadh sé cothrom lánmharcanna a thabhairt do dhaltaí don scrúdú cainte nuair nár bronnadh a leithéid ar na daltaí a chuaigh tríd an gcóras Grád Measta.

Dúirt urlabhraí Ó Choimisiún na Scrúduithe nach mbeadh sé “indéanta ná praiticiúil” scrúdú cainte ná scrúduithe praiticiúla eile a reáchtáil toisc gur scrúduithe “scoilbhunaithe” iad sin agus go gcaithfí “múinteoirí atá i mbun ranganna a thógáil amach as na scoileanna chun na scrúduithe sin a dhéanamh”.

Nuair a cuireadh na scrúduithe cainte ar ceal níos túisce i mbliana, fógraíodh go mbeadh lánmharcanna á dtabhairt do gach dalta. Ach dúirt Coimisiún na Scrúduithe Stáit nach raibh an socrú sin i bhfeidhm a thuilleadh nuair a cinneadh déanta na gráid mheasta a chur ar fáil.

“Ní bheadh sé cuí ná cothrom lánmharcanna a thabhairt ar chodanna den scrúdú do na daoine atá ag déanamh na scrúduithe anois nuair nach raibh sin le fáil ag daltaí a fuair grád measta,” a dúirt an t-urlabhraí.

Is ionann scrúdú cainte Gaeilge na hArdteistiméireachta agus 40% de na marcanna ar fad, go hiondúil. 25% atá ag gabháil do na scrúduithe cainte i scrúdú Ardteiste na Fraincise, na Gearmáinise agus na Spáinnise.

Beidh struchtúr agus ábhar na scrúduithe scríofa mar a bhí sna blianta roimhe seo.

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá 2,569 dalta ar fad ag tabhairt faoi na scrúduithe ar cuireadh tús leo an tseachtain seo agus beidh ar siúl go dtí an 11 Nollaig.

Is ionann an 427 duine atá ag tabhairt faoin scrúdú Gaeilge agus 17% de na daltaí atá ag déanamh scrúduithe.

Ní raibh ach ceithre ábhar eile a raibh tóir níos mó ag daltaí ar scrúduithe scríofa iontu: Bitheolaíocht (1,003 dalta), Matamaitic (984), Béarla (561) agus Ceimic (537).

Ó thaobh na dteangacha eile is coitianta, 367 duine atá ag déanamh scrúdú Fraincise, 173 atá ag déanamh scrúdú Spáinnise agus 145 dalta atá ag déanamh scrúdú Gearmáinise.

Tá na scrúduithe scríofa seo curtha ar fáil do dhaltaí nach raibh sásta leis an toradh a fuair siad i ngráid mheasta don Ardteist mí Mheán Fómhair agus don líon beag daltaí nach raibh múinteoirí in ann gráid mheasta a thabhairt dóibh.

Ní bhfuair 18% de na daltaí a fuair a ngráid mheasta don Ardteist níos luaithe i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge.

6% de dhaltaí nach ndearna an Béarla i mbliana agus an céatadán céanna nach ndearna an Mhatamaitic.

Bhí an Ghaeilge i measc na n-ábhar a shaothraigh na gráid is airde do dhaltaí faoin chóras na ngrád measta.

Fuair ceathrar as gach cúigear dalta Ardteiste 60% nó níos mó i scrúdú ardleibhéil na Gaeilge in 2020 – an bunriachtanas a theastaíonn sa Ghaeilge chun cáiliú do na coláistí oiliúna múinteoireachta.

29% de dhaltaí a fuair ceann den dá ghrád is airde, H1 nó H2, sa Ghaeilge i gcomparáid le 17.5% don Bhéarla agus 23.5% i gcás na Matamaitice.

Fuair 81% ceann de na ceithre ghrád is airde sa Ghaeilge ag an ardleibhéal, i gcomparáid le 69% in 2019.

Fuair 71% de dhaltaí ceann de na ceithre ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla i mbliana agus 68% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic.

Bronnadh an grád is airde H1 ar 9.1% den 24,704 dalta a rinne Scrúdú Ardleibhéil na Gaeilge. Sin ardú 49% ar chéatadán na ndaoine a fuair H1 ag an leibhéal sin anuraidh.

Fág freagra ar '427 dalta le tabhairt faoi scrúdú scríofa Gaeilge na hArdteiste, ach ní thabharfar aon mharc dóibh as a gcumas labhartha'