425 cás nua den víreas deimhnithe, údar maith ‘dóchais’ againn dar le NPHET

Fógraíodh ar maidin gur 99 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil, an chéad uair ó mhí Mheán Fómhair seo caite gur thit an figiúr faoi bhun 100

425 cás nua den víreas deimhnithe, údar maith ‘dóchais’ againn dar le NPHET

Tá ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 425 cás nua den ghalar a deimhníodh.

Bhain péire de na básanna a fógraíodh inniu leis an mí seo, bhain ceann le mí Feabhra agus bhain ceann eile le mí Eanáir.

Fógraíodh ar maidin go raibh 99 othar Covid-19 sna hospidéil, an chéad uair ón 24 Meán Fómhair seo caite gur thit an figiúr sin faoi bhun 100. Bhí 36 den 99 othar in aonad dianchúraim.

Daoine faoi bhun 45 bliain d’aois a bhí i gceist le 78% de na cásanna is déanaí agus 29 meánaois na ndaoine sin.

D’fhág cibirionsaí ar chóras teicneolaíochta faisnéise an HSE nach rabhthas in ann briseadh síos a thabhairt ar líon na gcásanna nua i ngach contae.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Choiste Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET, go raibh “bail sheasta go maith” ar chúrsaí Covid-19 sa tír seo agus go raibh údar maith “dóchais” againn.

“Tá líon na ndaoine atá á gcur san ospidéal agus sna haonaid dianchúraim ag gabháil i laghad go mall, tá an meánráta gluaisteach 7 lá laghdaithe, tá an meánráta gluaisteach 5 lá seasta, tá an ráta dearfachta ionfhabhtaithe tite go dtí 2.4% agus tá an galar ar níos lú daoine i ngach “aoisghrúpa.”

Cruthaíonn an t-eolas is déanaí atá ar fáil fiúntas an vacsaínithe sna daoine atá os cionn 65 bliain d’aois agus líon na gcásanna san aoisghrúpa sin ag laghdú “go gasta”.

Dúirt an tOllamh Nolan gur “mór an difríocht atá le feiceáil anois sa mbaol atá ann go mbeadh duine a bhfuil an víreas air san ospidéal nó go maródh an galar é. Is léir anois nach é amháin go laghdaíonn an vacsaín an baol ionfhabhtaithe ach nach mbíonn an duine chomh tinn má bhuaileann aon lorg den ghalar é.”

Dúirt an víreolaí an Dr Cillian de Gascun, Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta maidir le Víris, go léiríonn an fhianaise go bhfuil na vacsaíní atá againn faoi láthair an-éifeachtach in aghaidh gach cineál den víreas atá sa tír faoi láthair.

Chuir Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, fainic ar na scoláirí ar fad a bheidh ag déanamh scrúduithe stáit an chéad mhí eile a bheith fíorchúramach anois ionas nach dtolgfaidh siad an COVID-19.

“Ná freastail ar shearmanais fágála scoile ná ócáidí eile. Cuir srian le do chuid teagmhálacha sóisialta ag an tráth seo agus lean ort ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí.”

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh duine ar bith eile básaithe ansin de dheasca an víris. 96 cás nua a deimhníodh.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón nGníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), an Covid-19 ba chúis le bás triúir sa tseachtain idir an 1-7 Bealtaine, an líon básanna is lú de thoradh an víris in aon seachtain amháin ó mhí Dheireadh Fómhair 2020.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

39 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá triúr acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 992,682 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 537,343.

7,090 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,149 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

376,289 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 254,870 cás ó dheas den teorainn agus 121,419 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '425 cás nua den víreas deimhnithe, údar maith ‘dóchais’ againn dar le NPHET'