4,163 cás nua den ghalar fógartha, scaipeadh an víris ‘níos seasmhaí ná mar a bhí’

Dúirt an Dr Tony Holohan go raibh comharthaí ann go raibh scaipeadh an víris níos seasmhaí ná mar a bhí ach gur ábhar imní go fóill líon ard na gcásanna i measc an phobail

4,163 cás nua den ghalar fógartha, scaipeadh an víris ‘níos seasmhaí ná mar a bhí’

4,163 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

545 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 33 duine níos lú mar a bhí ansin inné. Tá 117 díobhsan in aonad dianchúraim, díreach mar a bhí inné.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go raibh tionchar dearfach ag na “iarrachtaí breise atá déanta againn uile le cúpla seachtain anuas cloí leis na beartais sláinte phoiblí”.

Dúirt sé go raibh comharthaí ann go raibh scaipeadh an víris níos seasmhaí ná mar a bhí ach gur ábhar imní go fóill líon ard na gcásanna i measc an phobail.

Thug an Dr Holohan le fios gur cuireadh 478 duine san ospidéal de dheasca an víris le seachtain anuas agus gur theastaigh dianchúram ó 46 duine.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,272 cás nua a fógraíodh.

324 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry inniu go raibh údar dóchais againn as Iosrael, áit ar léir go bhfuil an teanndáileog ag cosaint daoine ó dhrochthinneas agus cúram ospidéil. 

Dúirt sé go raibh an líon cásanna den víreas sa tír seo i measc daoine atá amach sna blianta tite agus gurb iadsan an dream a bhfuil teanndáileog faighte acu. 

Dúirt Colm Henry nach raibh aon fhianaise ann fós go bhfuil Omicron níos measa mar ghalar ná aon chineál eile den Covid-19 agus go mbeadh tamall ann sula mbeadh a fhios ag lucht leighis cé chomh héifeachtach is atá na vacsaíní ina choinne. 

D’fhógair Príomhoifigeach Oibríochtaí an HSE, Anne O’Connor inniu nach raibh deis ag daoine a gcuid marbh a chaoineadh mar ba chóir de bharr na paindéime. Sheol an Fheidhmeannacht ‘rannóg bróin’ ar a suíomh idirlín inniu le cuidiú le daoine atá ag caoineadh a ndaoine a fuair bás. Mhol Anne O’Connor do dhaoine féachaint ar an gcomhairle atá san ábhar sin nó glaoch ar an líne chúnaimh atá ag Foras Ospíse na hÉireann.  Fuair thart ar 45,000 duine bás sa tír seo “ar chúiseanna éagsúla” le 18 mí agus “fágann sin thart ar 400,000 duine faoi bhrón”, a dúirt sí.

Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly bille faoi bhráid na Dála inniu leis an tír a ullmhú do chóras coraintín óstáin sa tír seo sa gcás go dteastódh sé.

Fág freagra ar '4,163 cás nua den ghalar fógartha, scaipeadh an víris ‘níos seasmhaí ná mar a bhí’'