4,152 cás nua den víreas fógartha, 81 duine básaithe le seachtain anuas

Tá 8,700 duine básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,788 ó dheas den teorainn agus 2,912 ó thuaidh di

4,152 cás nua den víreas fógartha, 81 duine básaithe le seachtain anuas

4,152 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin gur 81 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh le seachtain anuas. 33 duine a bhásaigh de dheasca an víris i dTuaisceart Éireann le seachtain anuas.

Tá 8,700 duine básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,788 ó dheas agus 2,912 ó thuaidh.

543 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 38 duine níos mó ná mar a bhí ansin inné. Tá 118 díobhsan in aonad dianchúraim, duine amháin níos lú ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 1,933 cás nua a fógraíodh ansin.

329 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 38 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Níos luaithe inniu, cuireadh moladh go dtabharfaí an vacsaín do pháistí idir 5-11 bliain d’aois faoi bhráid an Rialtais ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC).

Chinn an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an EMA) an mhí seo caite gur féidir an vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thabhairt do pháistí idir 5-11 bliain d’aois.

Dhá shnáthaid Pfizer/BioNTech agus trí seachtaine eatarthu a thabharfar do na páistí san aoisghrúpa seo.

Léirigh taighde go bhféadfaí dáileog níos lú den vacsaín a thabhairt do pháistí idir 5-11 agus go mbíonn an éifeacht chéanna aici is a bhíonn ag dáileog níos mó ar dhaoine atá 12 bliain nó níos sine.

Thug an EMA le fios gur tugadh an vacsaín do 1,305 páiste sa triail agus nach bhfuair ach triúr acu an Covid-19. 16 as 663 páiste ar tugadh an placebo dóibh a tholg an galar.

Dúradh gur léiríodh sa staidéar go raibh an vacsaín 90.7% éifeachtach maidir le cosc a chur ar Covid-19 siomptómach, cé go bhféadfadh gur idir 67.7% agus 98.3% a bheadh an fíor-ráta.

Meastar gur ag deireadh na míosa nó sa bhliain nua a chuirfear tús leis an gclár vacsaíní nua.

Déanfar vacsaín a thairiscint do nach mór 500,000 páiste.

Dúirt an Taoiseach le déanaí go dtiocfadh an chéad lastas vacsaíní do dhaoine óga i dtír ar an 15 Nollaig agus go rabhthas ag súil leis an dara lastas mí Eanáir.

Fág freagra ar '4,152 cás nua den víreas fógartha, 81 duine básaithe le seachtain anuas'