4,141 cás nua den víreas fógartha, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

4,141 cás nua den víreas fógartha, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil

4,141 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

443 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 27 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 108 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos mó ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,237 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

309 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 32 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Is é cineál Omicron den choróinvíreas atá i gceist le 27% de na cásanna Covid ar fad, a dúirt an tAire Sláinte sa Dáil níos luaithe tráthnóna.

Ní raibh Omicron i gceist ach in 1% de na cásanna ag tús na seachtaine seo caite, 5% faoin deireadh seachtaine, ach bhí sé ar 14% Dé Máirt.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go seolfar coinní do na dáileoga treisithe go dtí daoine atá sna daichidí an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh na snáthaidí á bhfáil acu an tseachtain dár gcionn.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “maidhm mhór” den Omicron ar an mbealach.

Beidh cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (Nphet) anocht agus caint ann go mbeidh srianta nua á gcur i bhfeidhm roimh an Nollaig.

Beidh moltaí á ndéanamh ag Nphet faoi ócáidí sóisialta, gartheagmhálaithe agus an taisteal idirnáisiúnta.

Agus é ag caint inniu dúirt an Taoiseach “Ní leor a rá ach go bhfuil an-imní ar lucht leighis. Tá an-imní go deo ar oifigigh sláinte phoiblí ar fud na hEorpa, ar fud na hÉireann, faoina ghasta agus atá an cineál seo den víreas ag scaipeadh. Sin ceist mhór.”

“An rud is fearr anseo in Éirinn go bhfuil an chéad agus an dara dáileog den vacsaín faighte ag go leor leor den phobal,” a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach go raibh “níos mó misnigh” aige do 2022 a bhuíochas do na piollaí frithvíreasacha atá ag teacht ar an margadh anseo in Éirinn.

Ar ndóigh tá cúraimí eile ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte freisin agus drochscéala eile atá i dtuarascáil ‘Brandon’ a foilsíodh inniu. Léirítear sa tuarascáil seo go raibh fios maith ag foireann agus lucht bainistíochta ionad cúraim faoin mí-úsáid a tharla ansin agus an t-ionad á reáchtáil ag an HSE i nDún na nGall.

Foilsíodh achoimre de thuarascáil ‘Brandon’ ar láthair ghréasáin an HSE sula raibh sé feicthe ag na teaghlaigh ar fad a raibh duine leo san ionad. Tugtar eolas sa tuarascáil faoin mí-úsáid ghnéasach a rinneadh ar na daoine a bhí ina gcónaí san ionad do dhaoine a bhí faoi mhíchumas.

Deirtear san achoimre fheidhmeach den tuarascáil gur ligeadh don chás seo dul in olcas de bharr nach raibh aon mhaoirseacht sheachtrach bhainistíochta ná cheannaireachta ann ón HSE.

Deirtear gur bhraith an fhoireann nach raibh “aon chumhacht” acu mar gur thuairisc siad eachtraí don lucht bainistíochta agus iad ag súil go ndéanfaí rud éigin fúthu.

An Painéal Neamhspleách Athbhreithnithe Náisiúnta (NIRP), a réitigh an tuarascáil agus deirtear inti go ndearna duine a bhíodh ina chónaí san ionad, dá dtugtar an t-ainm bréige Brandon sa tuarascáil, ar a laghad 108 ionsaí gnéasach ar suas le 18 duine fásta a bhí faoi mhíchumas intleachta idir 2003 agus 2016.

Ní raibh an chaint ag formhór na ndaoine a ionsaíodh.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go nglacann sí go hiomlán le tuarascáil Brandon agus ghabh sí leithscéal leis na daoine a bhí ina gcónaí san ionad cúraim san iarthuaisceart agus lena dteaghlaigh faoi “na lochtanna a bhí ar an gcúram a cuireadh ar fáil”.

Fág freagra ar '4,141 cás nua den víreas fógartha, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil'