41 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó fós in aon lá amháin

540 duine atá básaithe de thoradh na paindéime in Éirinn faoin tráth seo, 406 duine ó dheas den teorainn agus 134 duine ó thuaidh di

41 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó fós in aon lá amháin

Tá 41 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, an líon is mó básanna a fógraíodh in aon lá amháin go n-uige seo.

San oirthear a bhí 36 de na daoine is déanaí a bhásaigh, bhí cearthar acu in iarthar na tíre agus sa deisceart a bhí an duine eile. 16 ban agus 25 fear a bhí i gceist agus an aois mhéanach a bhí acu ná 85.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag 35 acu.

540 duine atá básaithe de thoradh na paindéime in Éirinn faoin tráth seo, 406 duine ó dheas den teorainn agus 134 duine ó thuaidh di.

Tuairiscíodh chomh maith tráthnóna gur bhain 222 den 406 cás, nó 55%, ina bhfuair daoine bás ó dheas go dtí seo le tithe altranais agus le hionaid chónaithe eile.

Tithe altranais a bhí i gceist le 187 de na cásanna sin.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Tony Holohan, tráthnóna gur “údar imní” i gcónaí cás na dtithe altranais agus na n-ionad cónaithe, go raibh “monatóireacht” leanúnach á déanamh orthu agus tacaíocht á cur ar fáil dá réir.

832 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 13,446 cás ar fad atá in Éirinn, 11,479 cás ó dheas agus 1,967 cás ó thuaidh.

Den 832 cás nua bhain 548 acu le samplaí ó shaotharlanna na hÉireann agus bhain an 284 cás eile le samplaí a cuireadh chun na Gearmáine tamall níos faide ó shin.

90,646 tástáil atá déanta ó dheas ó thús na ráige, 62,952 sampla a scagadh anseo agus 27,694 a scagadh sa Ghearmáin. Dúradh gur le seachtain anuas a deineadh  os cionn 20,000 de na tástálacha sin agus go raibh toradh dearfach ar 21% acu.

Tíortha áirithe ag déanamh a mbealach as an dianghlasáil de chéimeanna staidéartha

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh deichniúr eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus 85 cás nua deimhnithe.

Tá tástáil curtha ar 13,095 duine ó thuaidh.

Fóilsíodh na figiúrí is déanaí ó thuaidh tráth ar tháinig fianaise nua chun solais a léiríonn go bhféadfadh líon na mbásanna i measc daoine a bhí buailte ag Covid-19 sa Tuaisceart a bheith 40% níos mó ná mar a tuairiscíodh roimhe seo, de réir figiúirí nua ón NISRA, Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde.

De réir figiúirí an NISRA fuair 79 duine a raibh Covid-19 orthu bás sa Tuaisceart idir an 18 Márta agus an 3 Aibreán, ach níor thuairiscigh an Ghníomhaireacht Sláinte Phoiblí ach 56 bás le linn na tréimhse céanna.

Daoine a raibh Covid-19 orthu a fhaigheann bás san ospidéal a bhíonn sna figiúirí a fhoilsíonn an Ghníomhaireacht Sláinte Phoiblí gach lá agus ní áirítear sna figiúirí sin daoine a fhaigheann bás i dteach altranais, ag baile nó in ionaid chónaithe eile.

Dúirt an tAire Sláinte Robin Swann inniu go raibh 32 ionad altranais sa Tuisceart buailte ag an gcoróinvíreas. Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis Michael McBride go raibh an tslí a ndéantar básanna a chlárú casta agus nárb eol go fóill cé mhéad duine a fuair bás in ionaid chúraim.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 10,385 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite, an 12 Aibreán:

  • Fir a bhí i gceist le 45% de na cásanna agus mná iad 54%
  • 408 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 1,999 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,903 duine, 20%
  • As na daoine sin, cuireadh 275 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 2,707 cás, 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 5,438 cás, nó 52%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 780 cás, nó 8%
  • 220 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.1%), 219 a bhí i gcontae Chiarraí (2.1%), 264 cás a bhí i nDún na nGall (2.5%), 198 cás a bhí i Maigh Eo (1.9%), 81 cás a bhí i bPort Láirge (0.8%) agus 342 cás a bhí i gcontae na Mí (3.3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 66% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 27% agus taisteal thar lear ba chúis le 7%

Idir an dá linn tá comhcháipéis polasaí maidir le rialtas nua a bhunú aontaithe ag ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael, Micheál Martin agus Leo Varadkar.

Fág freagra ar '41 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó fós in aon lá amháin'