400 scoláireacht le bronnadh ar dhaltaí scoileanna DEIS le freastal ar choláistí samhraidh Gaeilge

Fógraíodh an scéim dar teideal DEIS Gaeltachta ar dtús in 2019 nuair a cuireadh ciste €50,000 ar fáil ach tá méadú suntasach curtha ag an Roinn ar an maoiniú anois

400 scoláireacht le bronnadh ar dhaltaí scoileanna DEIS le freastal ar choláistí samhraidh Gaeilge

Tá ciste €400,000 fógartha ag Roinn na Gaeltachta chun deis a thabhairt do dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta freastal ar choláistí samhraidh Gaeilge.

Bronnfar scoláireachtaí do na coláistí Gaeilge Gaeltachta ar suas le 400 dalta ó iar-bhunscoileanna DEIS. Comhionannas deiseanna a chur ar fáil do dhaltaí scoile is aidhm leis an scéim DEIS.

Fógraíodh an scéim dar teideal DEIS Gaeltachta ar dtús in 2019 nuair a cuireadh ciste €50,000 ar fáil ach tá méadú suntasach curtha ag an Roinn leis an maoiniú anois.

Agus an maoiniú breise á fhógairt, dúirt Airí na Gaeltachta go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an mbeart.

“Tá sé mar sprioc agam féín agus ag an Aire Stáit Chambers níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga nach bhfaigheadh an deis de ghnáth, le dul chun na Gaeltachta ar chúrsa Gaeilge,” a dúirt an tAire Catherine Martin. 

“Ní hamháin gur ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá an beart praiticiúil seo ach beidh sé ar leas na sochaí trí chéile mar a bhaineann sé hionchuimsiú sóisialta.”

Is fiú €850 na scoláireachtaí a chuirfear ar fáil faoin gciste DEIS – a bheidh á riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) thar ceann na Roinne.

Deir an Roinn go mbeidh an maoiniú mar thacaíocht bhreise ar mhaithe le téarnamh na hearnála a bhí dúnta le dhá bhliain anuas de bharr COVID-19. 

Tagann an ciste méadaithe sna sála ar an ardú 10% a fógraíodh ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta. Fágann na t-ardú gur €11 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íocfar le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh seachas €10.

Idir an t-ardú sin agus an airgead breise atá curtha ar fáil don scéim DEIS, tá infheistíocht bhliantúil bhreise thart ar €860,000 fógartha ag an Rialtas d’earnáil na gcoláistí Gaeilge le cúpla seachtain anuas. Is fiú suas le €5.2 milliún anois an ciste bliantúil don earnáil, suas ó €4.3 milliún.

Fág freagra ar '400 scoláireacht le bronnadh ar dhaltaí scoileanna DEIS le freastal ar choláistí samhraidh Gaeilge'

  • Peter Ó'Carra

    Tá suim agam sa sceim seo, ‘Deis’.
    An dtig leat an foirm iarratas a sheoladh chugam, le do thoill.

    Go raibh maith agat.