40 post le cruthú ar an Spidéal agus maoiniú €1.9m ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do chomhlacht leighis

135 duine atá fostaithe ag an gcomhlacht feistí leighis Cambus Medical/Freudenberg Medical faoi láthair

40 post le cruthú ar an Spidéal agus maoiniú €1.9m ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do chomhlacht leighis

Tá suas le 40 post nua le cruthú ar an Spidéal agus forbairt le déanamh ar chomhlacht feistí leighis ata lonnaithe ar an mbaile Gaeltachta i gConamara.

Tá maoiniú €1.9 milliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta chun áiseanna Cambus Medical/Freudenberg Medical ar an Spidéal a fhorbairt.

Cuirfear os cionn 1,700 méadar cearnach sa mbreis le háiseanna na comhlachta i mBaile an tSagairt. Tá sé i gceist spás déantúsaíochta breise agus oifigí riaracháin a chur ar fáil mar chuid den athchóiriú.

135 duine atá fostaithe ag Cambus Medical/Freudenberg Medical faoi láthair. Déanann an comhlacht feadánra agus micrea-chomhpháirteanna don earnáil feistí leighis.

Barry Comerford agus John Farragher a bhunaigh an comhlacht in 2006 agus in 2012 chuaigh siad i mbun comhpháirtíochta le Freudenberg Medical Europe GmbH, ceannaire domhanda i dtaobh na déantúsaíochta san earnáil feistí leighis.

Tá Cambus Medical i mbun gnó i mbreis is 60 tír ar fud an domhain agus béim faoi leith acu i láthair na huaire ar mhargaí agus deiseanna fáis idirnáisiúnta san Áise agus i Meiriceá Theas.

Tá an maoiniú ó Údarás na Gaeltachta á chur ar fáil mar chuid de phacáiste spreagtha an Rialtais chun dul i ngleic leis an bpaindéim COVID-19.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh go léiríonn an infheistíocht an tionchar dearfach a bheidh ag an gClár Spreagtha Post agus infheistíocht an Stáit ar cheantair Ghaeltachta.

“Tá fostaíocht shuntasach á chur ar fáil ag Cambus Medical/Freudenberg Medical sa Spidéal le blianta agus iad páirteach in imeachtaí agus cláir oideachais áitiúla chomh maith.

“Tá muid ag súil go mór le tacú le Barry Comerford, an Dr Mark Ostwald agus a gcomhghleacaithe agus iad ag leanúint le forbairt an chomhlachta a bhfuil nuálaíocht ar chaighdeán domhanda á léiriú acu,” arsa Ó hÉanaigh.

Fág freagra ar '40 post le cruthú ar an Spidéal agus maoiniú €1.9m ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do chomhlacht leighis'