4 Rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na gcúigí

Cúige Mumhan cloíte agus theastaigh an dea-scéal faoi chonradh nua a mbainisteora Pat Lam go géar ó Chúige Chonnacht

Tá an dul chun cinn atá déanta ag Cúige Chonnacht i mbaol 

Mathieu Raynal talks to Jack Carty 18/1/2015
An réiteoir, Mathieu Raynal, ag míniú a chinneadh do Jack Carty sa Sportsground an Domhnach seo caite

Tá conradh nua sínithe ag bainisteoir Chúige Chonnacht agus bhí dea-scéal dá shórt de dhíth orthu. Agus muid leath bealaigh tríd an séasúr, bhí an lucht tacaíochta dílis a thaithíonn an Sportsground gach seachtain dulta i dtaithí ar an gceiliúradh seachtainiúil ach ní raibh aon údar gáirdis acu le cúpla seachtain anuas. Tar éis a gcéad chluiche baile a chailleadh sa Pro 12 in aghaidh Dún Éideann an tseachtain seo caite, ba iad Exeter a bhí ag ceiliúradh agus iad ag fágáil na Gaillimhe an Domhnach seo caite.

Cé nach bhfuil an tóin tite ar fad as séasúr Chúige Chonnacht, is cinnte go gcaithfidh siad leigheas a fháil láithreach ar na fadhbanna atá acu. Ábhar faoisimh amháin d’fhoireann Pat Lam ná gur thug siad uathu taispeántas níos fearr i gcoinne na Sasanach an deireadh seachtaine seo ná mar a thug siad ar an bpáirc chéanna seachtain roimhe.

D’aimsigh na Connachtaigh ceithre úd sa chluiche, péire an duine ag Matt Healy agus Wille Faloon, chun pointe bónais a ghnóthú ach d’íoc siad go daor as smacht a chailleadh ag an gclibirt.

Thug siad uathu úd pionóis sa chéad leath chomh maith le 13 phionós eile.

Tá bua, chomh maith le pointe bónais, ag teastáil ó fhoireann Pat Lam i gcoinne La Rochelle an Satharn seo chugainn chun cáiliú do na babhtaí díbeartha, bua a mbeadh tábhacht bhreise ag baint leis i bhfianaise a bhfuil tite amach le cúpla seachtain anuas.

Tá stádas Chúige Mumhan i measc na bhfathach i mbaol

Peter O'Mahony leads his dejected players off the field 17/1/2015
Imreoirí Chúige Mumhan ag fágáil na páirce agus díoma orthu an Satharn seo caite. INPHO/Dan Sheridan

Ní mar seo a samhlaíodh a chéad bhliain mar bhainisteoir Chúige Mumhan do Anthony Foley nuair a bhí sé ag féachaint roimhe ag tús na bliana. Don dara huair le 16 bliain anuas, ní bheidh na na Muimhnigh san iomaíocht sna babhtaí díbeartha de phríomhchomórtais rugbaí na hEorpa.

Cé gur foireann thar a bheith láidir iad Saracens, bhí cuid mhaith den locht ar fhoireann Foley féin agus rinne siad botúin do mhaite le linn an chluiche ar fad. Agus gan ach trí nóiméad caite, bhronn botún Duncan Williams, a bhí ag imirt in áit Conor Murray, a bhí gortaithe, a gcéad deis scórála ar Saracens.

Scaoil na Muimhnigh an liathróid uathu 16 huaire i rith an chluiche agus is iomaí uair a chaill siad a smacht ar, cé go bhfuil údar gearáin acu faoi réiteoireacht Romain Poite. É sin ráite, tar éis trí chailleadh as a chéile sa chomórtas, tá sé soiléir go bhfuil stádas Chúige Mumhan i measc fathach na hEorpa i mbaol agus obair mhór athnuachana le déanamh acu chun an stádas sin a ghnóthú an athuair.

Tá feachtas na Laighneach ag bailiú nirt

Darragh Fanning scores a try 17/1/2015
Darragh Fanning ag aimsiú úid i mbua bog Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo a d’imigh tharainn. INPHO/Ryan Byrne

Le cúpla mí anuas tá ceisteanna crua á chur faoi mhodhanna oibre Matt O’Connor, ach tá Cúige Laighean ag feabhsúseachtain i ndiaidh seachtaine Tar éis dhá bua mhaithe i gcoinne Cardiff agus Cúige Uladh, is cinnte go raibh O’Connor thar a bheith sásta le gach rud a chonaic sé san RDS an Satharn seo caite.

Bhí an pointe bónais faighte ag Cúige Laighean roimh leath-am agus faoin am a séideadh an fheadóg dheireanach, bhí farasbarr de 42 pointe acu ar Castres agus seacht n-úd aimisithe ag seacht n-imreoir dhifriúla.

Chomh maith leis sin, bhí an lucht bainistíochta in ann sos a thabhairt dá gcaptaen Jamie Heaslip, atá ag teacht chúige féin ó ghortú, agus é a bhaint den pháirc roimh dheireadh an chluiche. Diaidh ar ndiaidh tá imreoirí a bhí gortaithe, ar nós Cian Healy agus Seán O’Brien, ag filleadh, agus ní beag sin.

Ní cheart dul go deisceart na Fraince gan agat ach leath-fhoireann

Darren Cave is tackled 17/1/2015
Greamú á dhéanamh ar imreoir Uladh, Darren Cave, i gcoinne Toulon ar an Satharn. INPHO/Presseye/Franck Pennant

Ní minic a scórálann foireann ceithre úd in aghaidh Toulon i Stade Felix Mayol ach cé nach raibh mórán fadhbanna ag Cúige Uladh scóranna a chur ar an gclár, scóráladh maidhm úd thíos ar an taobh eile den pháirc chomh maith.

Bhí beagnach scór pointe idir na foirne ar deireadh, 60-22, ach ní dhearna sé aon difríocht do na hUltaigh, a raibh a chosa nite acu sa ghrúpa roimhe seo agus ceithre chluiche caillte acu.

Níor ainmnigh Neil Doaks an fhoireann is láidre s’aige don chluiche seo ach ba bheag an trócáire a léirigh Toulon dóibh siúd a roghnaíodh.

Tá cluiche amháin fágtha ag Cúige Uladh sa chomórtas ach is ar an Pro 12 atá siad ag díriú le tamall.

Fág freagra ar '4 Rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na gcúigí'