4 cent a íoctar le scríbhneoir nuair a thógtar leabhar dá chuid amach as leabharlann

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: latte féin in aghaidh na bliana ní bhfaighfeá ar an luach saothair a íoctar le scríbhneoirí as iasachtaí leabharlainne – ach is é an prionsabal atá tábhachtach

4 cent a íoctar le scríbhneoir nuair a thógtar leabhar dá chuid amach as leabharlann

Baineadh gáire beag asam ag deireadh na bliana seo caite, mar a bhaintear i gcónaí an tráth sin den bhliain, nuair a chuirtear chugam mo ráiteas bliantúil maidir le Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal.

Céard sa diabhal é sin, a deir tú.

Is éard atá sa LSIP (nó PLR i mBéarla) ná an luach a íoctar le scríbhneoirí mar chúiteamh ar iasachtaí ó leabharlanna.

Is é an luach atá i gceist ná 4 cent in aghaidh na hiasachta.

I mbliana, íocadh €2.56 liom as 64 iasacht ó leabharlanna sa Phoblacht (ar chúis éigin a bhaineann le maorlathas na heagraíochta a thugann aire d’íocaíochtaí LSIP in Éirinn agus sa Bhreatain, agus atá lonnaithe in Yorkshire, Sasana, níl mé i dteideal luach saothair as iasachtaí ó leabharlanna sa Tuaisceart).

Latte féin ní gheofá ar an luach sin, ná go deimhin na stampaí poist a bheadh uait chun do chuid leabhar a chlárú don scéim, ach níl mé ag tabhairt amach. Is maith a thuigim go bhfuil leabharlanna ar fud an domhain i mbaol a ndúnta agus gur suarach an t-airgead a chaitear orthu; is é an prionsabal go n-íoctar luach a shaothair leis an scríbhneoir atá tábhachtach agus táim buíoch as an gcúram a chaitear leis an gcur síos mionsonraithe ar na hiasachtaí, a thugann léargas eile dom ar an gcaoi a bhfuil ‘ag éirí’ le mo chuid leabhar.

Feicim i ráiteas na bliana seo, mar shampla, gurbh é an leabhar de mo chuid ba lú a raibh dúil ag na léirmheastóirí iontu ba mhó a raibh tóir air sna leabharlanna i mbliana: tugadh An Tearmann ar iasacht 30 uair – nach mór leath d’iomlán na n-iasachtaí. Chuir sé gliondar orm gur tháinig an cnuasach gearrscéalta Gonta, atá an-ghar do mo chroí, sa dara háit: 19 n-iasacht. 

Seans go bhfuil mearbhall ort anois. 

Gliondar? 

Mura féidir latte féin a cheannacht ar an luach saothair a íoctar le scríbhneoir as iasachtaí ó leabharlanna, an féidir teacht i dtír ar dhíolachán leabhar, ar sparántachtaí, ar dheontais stáit? I bhfocail eile, an féidir teacht i dtír ar an scríbhneoireacht chruthaitheach ar chor ar bith?

Is féidir.

Ach ní mór do dhuine a bheith cruthaitheach – agus ní leis an bpeann amháin.

Ar an ngné sin de shaol an scríbhneora – greim a choinneáil i do bhéal – a bheidh an colún seo ag díriú sna seachtainí amach romhainn.

Fág freagra ar '4 cent a íoctar le scríbhneoir nuair a thógtar leabhar dá chuid amach as leabharlann'

  • Gabriel Rosenstock

    B’fhiu a fhail amach o Aontas na Scribhneoiri cen ceatadan de scribhneoiri na Gaeilge ata claraithe faoin sceim seo. Ta tugtha faoi deara agam fein le roinnt blianta anuas go bhfaghim tuairim is 3 euro ar leabhair de chuid CIC a thogtar amach ar iasacht, beagan nios mo on nGum (leabhair do phaisti) ach FAIC i gcas leabhair Coisceim. An e nach feidir a gcuid leabhar siud a chlaru faoin sceim seo toisc nach bhfuil uimhir ISBN orthu no an bhfuil miniu eile ar an sceal?