4.5 milliún bonn comórtha 1916 le cur i gcúrsaíocht inniu

Eiseoidh Banc Ceannais na hÉireann 4.5 milliún bonn inniu chun Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh. Tá táirgí eile comórtha ar fáil ó Bhanc Ceannais na hÉireann ón lá inniu freisin

Bonn comortha 1916

Cuirfear 4.5 milliún bonn comórtha €2 i gcúrsaíocht inniu chun Éirí Amach na Cásca a chomóradh. Is é seo an chéad uair a eiseoidh Éire bonn comórtha dá cuid féin chun comóradh a dhéanamh ar eachtra a tharla i stair na hÉireann ó tháinig an Euro isteach 14 bliain ó shin.

Tá táirgí eile comórtha ar fáil ó Bhanc Ceannais na hÉireann ón lá inniu freisin, ina measc sin marc leathanaigh, bonn profa agus cárta le bonn nár cuireadh i gcúrsaíocht.

Roghnaíodh dearadh le Emmet Mullins don bhonn comórtha €2 tar éis comórtas a reáchtáil an Banc Ceannais inar cuireadh 52 dearadh, bunaithe ar Fhorógra na Poblachta agus ar Éirí Amach na Cásca, faoi bhráid mholtóirí an chomórtais.

Ar an mbonn comórtha, tá léiriú den dealbh Hibernia – an pearsantú a rinne na Rómhánaigh ar Éirinn – atá ina seasamh ar bharr Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath. Le feiceáil freisin ar an mbonn nua, tá na dátaí comórtha ‘1916-2016’ agus ainm Hibernia i gclófhoireann Ghaelach.

Dúirt Paul Molumby, Stiúrthóir Airgeadra sa Bhanc Ceannais, gur “éacht mór” a bhí ann don bhanc a mbonn comórtha féin a bhualadh agus a chur i gcúrsaíocht.

Beidh na bainc éagsúla, An Post agus comhlachtaí airgeadais eile ag obair sna seachtainí amach romhainn chun na boinn nua a chur i gcúrsaíocht choitianta a luaithe agus is féidir. Beifear in ann na táirgí eile don chomóradh a cheannach ó shuíomh an Bhainc Ceannais amárach.

Eiseofar boinn phrofa óir agus airgid níos deireanaí sa bhliain chun comóradh a dhéanamh ar an Éirí Amach. Tá na boinn sin nach mór mar a chéile leis na coda a bheidh i bpócaí mhuintir na hÉireann, ach amháin go mbeidh focail agus frásaí ón bhForógra féin le feiceáil taobh thiar de ‘Hibernia’. Is é Michael Guilfoyle a dhear an bonn sin.

Chaith Tuairsic.ie súil siar le déanaí ar na boinn chomórtha uile a eisíodh in Éirinn ó aimsir bhunú an tSaorstáit i leith.

Fág freagra ar '4.5 milliún bonn comórtha 1916 le cur i gcúrsaíocht inniu'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Comhartha den Angla-Éireannachas is ea an Hibernia sin, ní den Phoblacht.