398 cás eile den víreas deimhnithe, gan aon othar in ICU Ospidéal San Séamus

Den chéad uair ó mhí an Mhárta 2020, ní raibh aon othar in Ospidéal San Séamus i mBaile Átha Cliath inniu de bharr an Covid-19

398 cás eile den víreas deimhnithe, gan aon othar in ICU Ospidéal San Séamus

D’fhógair an Roinn Sláinte 398 cás eile den Covid-19 tráthnóna.

70 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 23 díobhsan in aonad dianchúraim. Sin an líon is lú daoine san ospidéal ón bhfómhar seo caite agus an líon is lú daoine in aonad dianchúraim ó mhí na Nollag.

Den chéad uair ó mhí an Mhárta 2020, ní raibh aon othar in Ospidéal San Séamus i mBaile Átha Cliath inniu de bharr an Covid-19.

Nuair ba mheasa an tríú ráig den víreas ag tús na bliana seo bhíodh laethanta ann a mbíodh os cionn 100 othar san aonad dianchúraim ansin ag an Covid-19.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry go raibh 64% de na daoine a tholg an Covid-19 le déanaí faoi 35 bliain d’aois, cruthúnas go bhfuil na vacsaíní éifeachtach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid gur chóir go mbeidís ábalta faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn a bheith níos cinnte faoi cathain a thosódh daoine idir 30-39 bliain ag clárú don vacsaín.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig anuas. 109 cás nua a deimhníodh.

14 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,101,629 i

duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 736,190.

7,094 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Fág freagra ar '398 cás eile den víreas deimhnithe, gan aon othar in ICU Ospidéal San Séamus'