3,955 cás nua fógartha, fuair duine as gach 67 duine sa stát toradh dearfach le coicís anuas

Deir an tOllamh Philip Nolan go bhfuil comharthaí ann go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna den ghalar mar go bhfuil daoine ag bualadh le níos lú daoine go sóisialta

3,955 cás nua fógartha, fuair duine as gach 67 duine sa stát toradh dearfach le coicís anuas

Tá 3,955 cás nua den choróinvíreas fógartha tráthnóna ag an Roinn Sláinte.

28 duine eile a raibh an galar orthu atá básaithe. 

1,789 othar atá buailte ag Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 169 díobhsan san aonad dianchúraim.

208 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 mí Eanáir.

Bhain 23 de na básanna sin le ráigeanna sna hospidéil agus bhain 38 acu le ráigeanna i dtithe altranais.

“Bhásaigh daoine a bhí idir 25 agus 98 bliain d’aois de bharr an Covid-19 agus is tubaiste gach bás acu sin,” a dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte.

Duine as gach 67 duine sa stát a fuair toradh dearfach ar thástáil don Covid-19 le coicís anuas.

Is le coicís anuas a deimhníodh 44% de na cásanna go léir den ghalar a deimhníodh ó thús na paindéime.

Deir an tOllamh Philip Nolan go bhfuil comharthaí ann go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna den ghalar mar go bhfuil daoine ag bualadh le níos lú daoine eile go sóisialta.

Aimsir na Nollag ba é 4.8 ar an meán líon na ngartheagmhálaithe a bhíodh ag daoine a tholg an galar. 2.3 atá i gceist anois nó gar do 1 má fhágtar as an áireamh daoine sa teaghlach céanna.

Idir 1 agus 1.3 atá ráta atáirgthe an ghalair le seachtain. Léiriú é sin ar an iarracht mhór atá déanta ag an bpobal an galar a chur faoi chois arís, a deir an tOllamh Philip Nolan.

Dúirt sé gur “an-údar imní” is ea an chaoi a bhfuil an víreas á tholgadh anois ag daoine i ngach aoisghrúpa sa bpobal “agus an baol atá ann go mbeadh gach duine acu sin an-tinn dá bharr”.

Bhain 456 den 3,955 cás inniu le Corcaigh, 221 a bhí i gcontae na Mí agus 217 cás a bhí i nGaillimh.

Bhí 154 cás i nDún na nGall, 113 cás a bhí i bPort Láirge, 83 cás a bhí i Maigh Eo agus 55 cás a bhí i gCiarraí.

Bhain 1,210 de na cásanna nua le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair anois ag 1,497 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát. 

Ráta 1,904 atá i bPort Láirge, 1,709.5 atá i Maigh Eo, 1,567.8 atá i gCorcaigh agus 1,546.6 atá i nDún na nGall.

Ráta 1,266.9  atá i gContae na Mí, 1,137.4 atá i gCiarraí agus 1,093.6 atá i nGaillimh.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an vacsaín faighte ag 77,303 duine sa stát. Oibrithe sláinte iad 69,378 acusan agus 7,925 duine in ionaid chúraim a fuair an chéad dáileadh go dtí seo.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 973 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh 16 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

850 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt, suas 118 ó inné. Tá 58 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Dúirt Céad-Aire an Tuaiscirt Arlene Foster inniu go raibh 102,701 duine ó thuaidh tar éis an chéad dáileog den vacsaín a fháil.

255,839 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 163,057 cás ó dheas den teorainn agus 92,782 cás ó thuaidh di.

4,021 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,488 duine ó dheas den teorainn agus 1,533 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar '3,955 cás nua fógartha, fuair duine as gach 67 duine sa stát toradh dearfach le coicís anuas'