3,893 cás nua den víreas fógartha, 43 duine eile básaithe ó dheas le seachtain anuas

Tá 8,523 duine básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,652 ó dheas den teorainn agus 2,851 ó thuaidh di

3,893 cás nua den víreas fógartha, 43 duine eile básaithe ó dheas le seachtain anuas

3,893 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin gur 43 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh le seachtain anuas. 37 duine a bhásaigh de dheasca an víris i dTuaisceart Éireann le seachtain anuas.

Tá 8,523 duine básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,652 ó dheas agus 2,851 ó thuaidh.

611 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 27 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 132 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,931 cás nua a fógraíodh.

386 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 36 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, inniu gur thuairisc idir  500,000 agus 700,000 duine le seachtain go raibh comharthaí slaghdáin nó fliú orthu agus nach raibh aon chóras tástála ar domhan a d’fhéadfadh tástáil PCR a chur ar fáil do 20% den daonra in aon seachtain amháin.

Tráthnóna inniu ní raibh aon duine in ann coinne a chur in áirithe don tástáil ar shuíomh an HSE i 21 contae sa tír. Gheall an tAire Oideachais go mbeadh na tástálacha antaigine ar fáil do dhaltaí bunscoile ón Luan seo chugainn.

Fág freagra ar '3,893 cás nua den víreas fógartha, 43 duine eile básaithe ó dheas le seachtain anuas'