38 duine le Covid-19 básaithe ó dheas agus nach mór 15,000 cás deimhnithe

584 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 444 duine ó dheas den teorainn agus 140 duine ó thuaidh di. 14,635 cás anois atá in Éirinn,  12,547 ó dheas agus 2,088 ó thuaidh

38 duine le Covid-19 básaithe ó dheas agus nach mór 15,000 cás deimhnithe

Tá 38 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.

San oirthear a bhí 29 de na daoine is déanaí a bhásaigh, bhí seisear san iarthar agus i ndeisceart na tíre a bhí an triúr eile.

16 ban agus 22 fear a bhí i gceist agus an aois mheánach a bhí acu ná 84.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag 28 acu.

584 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 444 duine ó dheas den teorainn agus 140 duine ó thuaidh di.

Tuairiscíodh chomh maith tráthnóna gur bhain 65% nó 290 den 444 cás ina bhfuair daoine bás ó dheas go dtí seo le tithe altranais agus le hionaid chónaithe agus ionaid chúraim eile.

Tithe altranais a bhí i gceist le 245 de na cásanna sin.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Tony Holohan, tráthnóna gur “údar imní” i gcónaí cás na dtithe altranais agus na n-ionad cónaithe ach go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le cosc a chur ar scaipeadh an ghalair sna hionaid sin.

Nuair a fiafraíodh de faoin gcomhairle a tugadh go luath sa ráig a cheadaigh do chuairteoirí cuairt a thabhairt ar thithe altranais, dúirt an Dr Holohan gurbh amhlaidh nach rabhthas ag iarraidh beartas “tábhachtach” a thabhairt isteach róluath nó é a bheith i bhfeidhm níos faide ná mar ba ghá.

1,068 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 14,635 cás anois in Éirinn,  12,547 ó dheas agus 2,088 ó thuaidh.

Dúirt Dr Tony Holohan gur dócha gurb é an méadú ar líon na dtástálacha atá á ndéanamh is mó is cúis leis an ardú ar líon na gcásanna nua seachas aon mhéadú ar ráta scaipthe an ghalair.

Bhí líon na dtástálacha dearfacha mórán mar a chéile, a dúirt sé.

Maidir le cuid de na hionaid tástála a bheith díomhaoin, dúirt sé go bhféadfadh go ndéanfaí na critéir chun tástáil a fháil a dhéanamh níos boige an tseachtain seo chugainn.

Fógraíodh níos túisce tráthnóna go raibh seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

Dheimhnigh Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Fheidhmeannas Stormont, Arlene Foster agus Michelle O’Neill, go raibh síneadh trí seachtaine eile á chur leis na srianta Covid-19 sa Tuaisceart.

Den 1,068 cás nua ó dheas, bhain 657 acu le samplaí ó shaotharlanna na hÉireann agus bhain an 411 cás eile le samplaí a cuireadh chun na Gearmáine.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 11,261 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Luain seo caite, an 13 Aibreán:

  • Fir a bhí i gceist le 45% de na cásanna agus mná iad 54%
  • 413 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 2,244 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,968 duine, 18%
  • As na daoine sin, cuireadh 280 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 2,872 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 5,850 cás, nó 52%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 829 cás, nó 7%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 52% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 42% agus taisteal thar lear ba chúis le 6%

 

Fág freagra ar '38 duine le Covid-19 básaithe ó dheas agus nach mór 15,000 cás deimhnithe'