38 cás nua den Covid-19 deimhnithe, rabhadh tugtha roimh an deireadh seachtaine fada

Tá NPHET ag iarraidh ar dhaoine cloí le sé phíosa comhairle agus an deireadh seachtaine fada saoire againn

38 cás nua den Covid-19 deimhnithe, rabhadh tugtha roimh an deireadh seachtaine fada

38 cás nua den Covid-19 a fógraíodh tráthnóna.

Bhain 32 den 38 cás nua le Baile Átha Cliath nó Cill Dara. Bhí 82% de na daoine a bhí i gceist faoi bhun 45 bliain d’aois agus 30 an aois mheánach a bhí ann.

Bhain 26 cás le ráigeanna den ghalar nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a bhí buailte ag an ngalar.

Ní raibh bás ar bith le fógairt inniu ag na húdaráis sláinte, thuaidh ná theas.

10 gcás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

Údar faoisimh áirithe a bheidh sa laghdú ar líon na gcásanna nua inniu don Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET), ach táthar buartha go bhfuil ag méadú ar líon na gcásanna nach fíos cén tsiocair a bhí leo.

Tá tástáil déanta anois ar gach duine a bhí sna láithreacha inar tharla roinnt ráigeanna. D’fhéadfadh go bhfuil níos mó cásanna le feiceáil anois nach léir dúinn aon bhaint a bheith acu le ráigeanna ná le gartheagmhálaithe. Coinneoidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí súil ghéar ar chúrsaí sna laethanta beaga seo amach romhainn,” a deir an Dr Ronan Glynn.

Bhí “an-imní” ar an bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) faoin ardú mór ar líon na gcásanna inné, ach dúradh go gcaithfí fanacht roinnt laethanta le fáil amach an ardú aon lae nó cuid d’athrú níos buaine ar scaipeadh an ghalair a bhí ann.

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

32,013 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,065 cás ó dheas agus 5,948 cás ó thuaidh.

Tá ráite ag an bPríomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn go raibh an chaint ar fad faoin liosta glas agus daoine a bheith ag dul thar sáile ag tarraingt aird ón áit is mó a raibh an baol ón Covid-19, anseo sa mbaile.

Ní raibh cúrsaí taistil thar lear i gceist ach le dhá chás den 85 cás nua den ghalar a fógraíodh inné. Ba cheart dúinn déileáil le gach duine a chastar orainn amhail is go raibh an coróinvíreas orthu, a deir an Dr Ronan Glynn.

D’iarr sé ar dhaoine cloí le sé phíosa comhairle agus an deireadh seachtaine fada saoire chugainn:

  • Scaradh sóisialta a chleachtadh agus fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile
  • Casadh le daoine amuigh faoin aer chomh fada agus is féidir
  • Gan fanacht rófhada i gcomhluadar daoine
  • Na lámha a ní go maith agus go minic
  • Clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí
  • Aip rianaithe Covid-19 a íoslódáil

Faoi mheán oíche Dé Céadaoin, ní raibh aon athrú tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaillimh (495) i gCiarraí (317), i nDún na nGall (473), i bPort Láirge (166) ná i Maigh Eo (576).

Trí chás nua a deimhníodh i gCorcaigh (1,566) agus trí chás nua a bhí i gcontae na Mí (829) chomh maith.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), tá ardú tagtha ar líon na mbásanna de thoradh na paindéime ó thuaidh den chéad uair ó lár mhí an Mheithimh.

De réir eolais a d’fhoilsigh Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) inniu, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 556.

853 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 24 Iúil. 556 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Bhain 380, nó leath de na básanna a chuir NISRA ar an taifead, le hionaid chúraim.

Fág freagra ar '38 cás nua den Covid-19 deimhnithe, rabhadh tugtha roimh an deireadh seachtaine fada'