379 cás nua fógartha agus líon na marbh sa stát anois os cionn 2,000

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh a rian fágtha ag an víreas ar fud na tíre

379 cás nua fógartha agus líon na marbh sa stát anois os cionn 2,000

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá sé fógartha go bhfuil dhá dhuine dhéag eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe. Tá os cionn 2,000 duine sa stát anois tar éis bháis de bharr an ghalair ó thús na paindéime.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte 379 cás nua den Covid-19 tráthnóna.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh a rian fágtha ag an víreas ar fud na tíre.

“Is oth linn a fhógairt inniu go bhfuil os cionn 2000 duine curtha den saol ag Covid-19 sa tír seo. Tá a lorg fágtha ag an bpaindéim seo, go díreach nó go hindíreach, ar theaghlaigh agus ar phobail ar fud na tíre.”

2,895 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,006 duine ó dheas den teorainn agus 889 duine ó thuaidh di.

117,357 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 69,058 cás ó dheas agus 48,229 ó thuaidh.

Bhain 38 den 379 cás nua inniu le Dún na nGall, 30 cás a bhí i gcontae na Mí agus bhí 27 cás nua i gCorcaigh.

17 cás nua a bhí i nGailliimh, deich gcás a bhí i gCiarraí, deich gcás a bhí i Maigh Eo agus sé chás a bhí i bPort Láirge

116 cás nua a deimhníodh i mBaile Átha Cliath.

282 duine atá buailte ag an gcoróinvíreas atá sna hospidéil agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim.

Ceann de na fadhbanna atá ag na hospidéil agus na hionaid chúraim go bhfuil an Covid-19 tolgtha ag cuid den fhoireann nó gur gartheagmhálaithe iad a chaithfidh fanacht sa bhaile.

Inniu fógraíodh go raibh 221 ball foirne i ngrúpa ospidéal Luimnigh as láthair de bharr an Covid-19, sin 60 níos mó na a bhí amhlaidh an tseachtain seo caite. Fágann sin go mbíonn leapacha agus bardaí nach féidir a úsáid ceal dóthain foirne.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát ag 120 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall go fóill agus é ardaithe go dtí 296. Tá an ráta i bPort Láirge anois ag 163 agus ráta 134 atá i gceist i gcontae na Mí.

Tá an ráta i gCiarraí tite go dtí 116, 111 atá i Maigh Eo, 82 atá i gCorcaigh agus tá an tríú ráta is ísle sa tír i nGaillimh, 77.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 11 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh naonúr acu.

Deimhníodh 518 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

452 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 44 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Bhí 102% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 166 ionad cúraim sa Tuaisceart.

Ar chlár RTÉ Morning Ireland, dúirt Mary Cunniffe, urlabhraí Chumann Stiúrthóir Sochraidí na hÉireann, go raibh imní orthusan nach raibh an pobal ar fad, go háirithe faoin tuath, ag cloí leis na srianta atá ar shochraidí de bharr an Covid-19. 25 duine ar fad atá ceadaithe ag sochraid faoi shrianta Covid-19.

Dúirt Cunniffe nárbh aon údar iontais don chumann go ndúirt an Dr Tony Holohan go raibh na srianta á sárú ag sochraidí. Dúirt an Dr Holohan Dé Luain “go raibh ráigeanna tarlaithe ar fud na tíre agus go raibh baint ag cuid acu sin le sochraidí”.

Dúirt an Dr Holohan go dtuigeann NPHET “gur am crua é do theaghlaigh ach go raibh sé an-tábhachtach gach rud a dhéanamh le scaipeadh an ghalair a sheachaint chomh maith agus is féidir linn”.

Dúirt Mary Cunniffe ar maidin go raibh níos mó ná an 25 duine atá ceadaithe ag freastal ar roinnt sochraidí agus nach raibh cuid díobh ag caitheamh mascanna, ná ag cloí leis an gcomhairle faoi ghlanadh na lámh agus faoin scaradh sóisialta”.

Dúirt sí go meabhraíonn na stiúrthóirí sochraidí do na teaghlaigh gur chóir a lua sna fógraí báis go gcaithfear cloí leis na srianta.

Dúirt Mary Cunniffe go raibh “an chuid is mó” de na séipéil agus na créamatóiriamaí dian faoi na srianta ach go raibh cuid díobh “nach raibh ag cloí leo”.

Foilsíodh inniu an chomhairle a chuir an tÚdarás um Fhaisnéis is Cáilíocht Sláinte (HIQA) ar fáil do NPHET faoi scaipeadh an víris. Dúradh gur léirigh taighde idirnáisiúnta gur ar an teallach sa bhaile is mó agus is gasta a scaiptear an Covid-19.

D’fhéach HIQA ar 19 staidéar taighde idirnáisiúnta a rinneadh ar 60,000 duine a tholg an víreas agus dúirt gur léirigh an taighde ar fad gur mó an baol go scaipfeadh duine an víreas “in áiteanna plódaithe laistigh” agus gurb iad na gníomhaíochta baile is mhó a scaipeann an coróinvíreas – “ag ithe, ag ól, ag aclaíocht, ag canadh nó ag béicíl, comhrá ar aghaidh a chéile”.

Dúirt HIQA go bhféadfadh “go laghdódh na bearta sláinte phoiblí an baol scaipthe – an scaradh fisiciúil, níochán na lámh, aeráil mhaith sa seomra agus mascanna a chaitheamh”.

Níl na hainmhithe slán ó iarmhairtí an choróinvíris ach oiread agus stiúrthóirí an Zú tar éis a rá go bhfuil an baol ann go gcaithfeadh an áit dúnadh ar fad.

Tá an Zú i mBaile Átha Cliath ag impí ar an bpobal síntiúis a thabhairt dóibh agus feachtas maoinithe seolta acu, ‘Sábháil Zú Bhaile Átha Cliath’. Cosnaíonn sé leathmhilliún euro sa mhí cúram a dhéanamh do na hainmhithe agus na héanlaith sa Zú agus tá caillteanas €8.2 milliún acu i mbliana de bharr na srianta dianghlasála agus gan cead oscailte acu. Tuairiscítear go bhfuil an-tacaíocht á léiriú ag an bpobal don fheachtas seo.

Fág freagra ar '379 cás nua fógartha agus líon na marbh sa stát anois os cionn 2,000'