378 cás nua fógartha, 98 othar sna hospidéil de dheasca an víris

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris

378 cás nua fógartha, 98 othar sna hospidéil de dheasca an víris

Tá 378 cás nua den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

98 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil agus 35 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Níl raibh aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE an mhí seo.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 39 cás nua a deimhníodh.

28 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,048,350 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 661,490.

Ar a laghad 7,090 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,153 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

383,100 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 260,403 cás ó dheas den teorainn agus 122,697 cás ó thuaidh di.

Fógraíodh níos luaithe inniu go mbeidh deis ag daoine idir 40 agus 44 bliain d’aois clárú do vacsaín in aghaidh an Covid-19 an tseachtain seo. Dé Céadaoin a bheidh cead ag daoine atá 44 clárú agus beidh an cead sin ag daoine atá 43 Déardaoin.

Beidh a ndeis ag daoine atá 42 Dé hAoine agus beidh cead cláraithe ag daoine atá 41 Dé Sathairn agus ag daoine atá 40 Dé Domhnaigh.

Deir an Taoiseach go ndéanfar an clár vacsaínithe agus scaipeadh an Covid-19 a athbhreithniú roimh dheireadh mhí an Mheithimh sula ndéanfar aon mhaolú breise ar na srianta.

Sin a bhí le rá ag urlabhraí de chuid an Taoisigh inniu agus é ag tabhairt le fios go raibh sé riachtanach nach gcuirfí as don dul chun cinn a rinneadh le roinnt seachtainí sa tír seo.

Beidh maolú breise ar na srianta ag brath ar an vacsaín a bheith faighte ag níos mó daoine agus an pobal a bheith ag cloí leis na rialacha sláinte phoiblí.

Dúirt an t-urlabhraí go gcuideodh na treoirlínte maidir le hathoscailt na seirbhísí fáilteachais faoin aer sa Mheitheamh le struchtúr sábháilte a chur ar fail don athoscailt.

Dúirt sé go raibh an Taoiseach Micheál Martin ag tnúth go bhféadfaí an tír agus an eacnamaíocht a athoscailt céim ar chéim go slán sábháilte.

Tá impí déanta ag saineolaithe sláinte phoiblí agus an Garda Síochána ar an bpobal leanúint orthu ag cloí leis na treoirlínte sláinte phoiblí agus imní cothaithe ag na sluaite a chruinnigh le chéile i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Dúirt Jack Chambers, Príomh-Aoire na Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, gurb amhlaidh a chuirfí an tsláinte phoiblí i mbaol níos mó dá ndúnfaí spásanna poiblí chun na sluaite a bhí ag ól faoin aer ag an deireadh seachtaine a chosc.

“Sílim nach ndéanann spásanna poiblí a dhúnadh ach an fhadhb a dhíbirt go dtí áit éigin eile. D’fhéadfadh gur i dteach príobháideach a bheidís ansin agus is amhlaidh a bheadh an chontúirt níos measa,” a dúirt Chambers ar chlár Claire Byrne ar RTE.

Ghlan na Gardaí na sluaite a bhí ag ól in áiteanna faoin aer i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe i bhfeidhm arís na srianta a bhíodh ar an bplásóg atá anuas ó Dhroichead Wolfe Tone síos go dtí cé an Chladaigh, áit ar a dtugtar an ‘Póirse Láir’. Beidh an áit dúnta anois arís go ceann roinnt seachtainí.

De bharr imní a bheith sa bhFrainc go scaipfeadh an B.1.617, an cineál den choróinvíreas a deimhníodh ar dtús san India, tá srianta á gcur acu ar thaisteal neamhriachtanach as an Ríocht Aontaithe.

Ní bheidh cead isteach chun na Fraince as an mBreatain ach ag saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, daoine a bhuanchónaíonn sa bhFrainc nó daoine a bhfuil cúis “an-mhaith” acu lena dturas.

Chun cead taistil a fháil caithfidh gach duine os cionn 11 bliain tástáil PCR a dhéanamh agus a bheith sásta seacht lá coraintín a dhéanamh ar shroicheadh na Fraince dó.

Faoi na rialacha is déanaí ón Aontas Eorpach, gach duine seachas páistí faoi 6 bliana d’aois a chaithfidh tástáil Covid-19 a dhéanamh le dul thar sáile lena muintir.

 

Fág freagra ar '378 cás nua fógartha, 98 othar sna hospidéil de dheasca an víris'