3,726 cás nua den choróinvíreas fógartha, 493 othar sna hospidéil

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach mbeadh gá le srianta Covid-19 a thabhairt isteach arís

3,726 cás nua den choróinvíreas fógartha, 493 othar sna hospidéil

3,726 cás nua den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

493 othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil, 22 níos lú ná mar a bhí i gceist inné. Tá 90 díobhsan in aonad dianchúraim, duine amháin níos lú ná mar a bhí i gceist inné.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach mbeadh gá le srianta Covid-19 a thabhairt isteach arís.

Ba “údar mór imní” an t-ardú ar líon na gcásanna den ghalar faoi láthair, a dúirt Martin le Morning Ireland ar RTÉ.

Ní fhéadfadh “aon duine barántas a thabhairt faoi aon rud”, ar sé.

Dúirt sé, áfach, go raibh na vacsaíní ag obair agus gur mór idir cás an ghalair anois agus an t-am seo anuraidh.

Dúirt sé go gcabhródh tástálacha antaigine le cúrsaí agus dá mbeadh daoine “cúramach” go bhféadfaí srianta a sheachaint.

De réir an tuair is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, bainfidh an t-ardú ar líon na gcásanna atá ann le tamall a bhuaic amach ag deireadh na míosa seo.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,114 cás nua a fógraíodh. 2,716 duine a raibh an Covid-19 orthu a fuair bás sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

381 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 36 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '3,726 cás nua den choróinvíreas fógartha, 493 othar sna hospidéil'